Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 64. Tuairim an Bhoird
Íoslódáil PDF

Airteagal 64 RGCS (GDPR). Tuairim an Bhoird

Article 64 GDPR. Opinion of the Board

1. I gcás ina mbeartóidh údarás inniúil maoirseachta aon cheann de na bearta anseo síos a ghlacadh, eiseoidh an Bord tuairim. Chun na críche sin, cuirfidh an t-údarás inniúil maoirseachta an dréachtchinneadh in iúl don Bhord, sna cásanna seo a leanas:

1. The Board shall issue an opinion where a competent supervisory authority intends to adopt any of the measures below. To that end, the competent supervisory authority shall communicate the draft decision to the Board, when it:

(a) dírítear ann ar liosta de na hoibríochtaí próiseála a ghlacadh faoi réir an cheanglais le haghaidh measúnú tionchair ar chosaint sonraí, de bhun Airteagal 35(4);

(a) aims to adopt a list of the processing operations subject to the requirement for a data protection impact assessment pursuant to Article 35(4);

Téacsanna gaolmhara

(b) baineann sé le hábhar de bhun Airteagal 40(7) féachaint an bhfuil dréachtchód iompair nó leasú nó síneadh ar chód iompair má chomhlíonann sé an Rialachán seo;

(b) concerns a matter pursuant to Article 40(7) whether a draft code of conduct or an amendment or extension to a code of conduct complies with this Regulation;

Téacsanna gaolmhara

(c) dírítear ann ar chritéir maidir le creidiúnú comhlachta a fhormheas de bhun Airteagal 41(3) nó maidir le comhlacht deimhniúcháin de Airteagal 43(3);

(c) aims to approve the requirements for accreditation of a body pursuant to Article 41(3), of a certification body pursuant to Article 43(3) or the criteria for certification referred to in Article 42(5);

Téacsanna gaolmhara

(d) dírítear ann ar na clásail chaighdeánacha um chosaint sonraí dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 46(2) agus in Airteagal 28(8) a chinneadh;

(d) aims to determine standard data protection clauses referred to in point (d) of Article 46(2) and in Article 28(8);

Téacsanna gaolmhara

(e) dírítear ann ar chlásail chonarthacha dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 46(3) a údarú; nó

(e) aims to authorise contractual clauses referred to in point (a) of Article 46(3); or

Téacsanna gaolmhara

(f) dírítear ann ar rialacha ceangailteacha corparáideacha a fhormheas de réir bhrí Airteagal 47.

(f) aims to approve binding corporate rules within the meaning of Article 47.

Téacsanna gaolmhara

2. Féadfaidh údarás maoirseachta ar bith, Cathaoirleach an Bhoird nó an Coimisiún, a iarraidh go ndéanfaidh an Bord scrúdú ar aon ábhar a mbeidh feidhm ghinearálta aige nó ar aon ábhar a mbeidh éifeachtaí aige i níos mó ná Ballstát amháin d’fhonn tuairim a fháil, go háirithe i gcás nach gcomhlíonfaidh údarás inniúil maoirseachta na hoibleagáidí maidir le cúnamh frithpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 61 nó maidir le hoibríochtaí comhpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 62.

2. Any supervisory authority, the Chair of the Board or the Commission may request that any matter of general application or producing effects in more than one Member State be examined by the Board with a view to obtaining an opinion, in particular where a competent supervisory authority does not comply with the obligations for mutual assistance in accordance with Article 61 or for joint operations in accordance with Article 62.

Téacsanna gaolmhara

3. Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, déanfaidh an Bord tuairim a eisiúint ar an ábhar a cuireadh faoina bhráid ar an gcoinníoll nach mbeidh tuairim eisithe aige cheana féin maidir leis an gceist chéanna. Glacfar an tuairim sin laistigh de thréimhse ocht seachtaine, trí thromlach simplí de chomhaltaí an Bhoird. Féadfar síneadh breise sé seachtaine a chur leis an tréimhse sin agus castacht an ábhair á cur san áireamh. Maidir leis an dréachtchinneadh dá dtagraítear i mír 1 a scaipeadh ar chomhaltaí an Bhoird i gcomhréir le mír 5, comhalta nach bhfuil agóid déanta aige laistigh de thréimhse réasúnta arna sonrú ag an gCathaoirleach, measfar go dtoilíonn sé leis an dréachtchinneadh.

3. In the cases referred to in paragraphs 1 and 2, the Board shall issue an opinion on the matter submitted to it provided that it has not already issued an opinion on the same matter. That opinion shall be adopted within eight weeks by simple majority of the members of the Board. That period may be extended by a further six weeks, taking into account the complexity of the subject matter. Regarding the draft decision referred to in paragraph 1 circulated to the members of the Board in accordance with paragraph 5, a member which has not objected within a reasonable period indicated by the Chair, shall be deemed to be in agreement with the draft decision.

4. Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta agus an Coimisiún, gan aon mhoill mhíchuí, aon fhaisnéis ábhartha a chur in iúl trí mheán leictreonach don Bhord, agus úsáid á baint as formáid chaighdeánaithe, lena n-áiritheofar, de réir mar a bheidh, achoimre ar na fíricí, an dréachtchinneadh, na forais is bonn leis an ngá atá le beart den sórt sin a achtú, agus na tuairimí ó údaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann.

4. Supervisory authorities and the Commission shall, without undue delay, communicate by electronic means to the Board, using a standardised format any relevant information, including as the case may be a summary of the facts, the draft decision, the grounds which make the enactment of such measure necessary, and the views of other supervisory authorities concerned.

5. Déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird, gan aon mhoill mhíchuí, na nithe seo a leanas a chur ar an eolas trí mheán leictreonach:

5. The Chair of the Board shall, without undue, delay inform by electronic means:

(a) comhaltaí an Bhoird agus an Coimisiún faoi aon fhaisnéis ábhartha a cuireadh in iúl dó, agus úsáid á baint aige as formáid chaighdeánaithe chuige sin. Soláthróidh rúnaíocht an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí aistriúcháin den fhaisnéis ábhartha, nuair is gá; agus

(a) the members of the Board and the Commission of any relevant information which has been communicated to it using a standardised format. The secretariat of the Board shall, where necessary, provide translations of relevant information; and

(b) an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear, de réir mar a bheidh, i mír 1 agus i mír 2, chomh maith leis an gCoimisiún faoin tuairim agus poibleoidh sé í.

(b) the supervisory authority referred to, as the case may be, in paragraphs 1 and 2, and the Commission of the opinion and make it public.

6. Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil maoirseachta a dhréachtchinneadh dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 3.

6. The competent supervisory authority referred to in paragraph 1 shall not adopt its draft decision referred to in paragraph 1 within the period referred to in paragraph 3.

7. Cuirfidh an t-údarás maoirseachta dá dtagraítear i mír 1 an tuairim ón mBord san áireamh ina hiomláine agus cuirfidh sé in iúl trí mheán leictreonach do Chathaoirleach an Bhoird laistigh de choicís tar éis dó an tuairim a fháil cibé acu an seasfaidh sé leis an dréachtchinneadh nó an leasóidh sé é agus, i gcás inarb ann do leasuithe, cuirfidh an t-údarás maoirseachta an dréachtchinneadh leasaithe ar aghaidh freisin agus úsáid á baint as formáid chaighdeánaithe.

7. The competent supervisory authority referred to in paragraph 1 shall take utmost account of the opinion of the Board and shall, within two weeks after receiving the opinion, communicate to the Chair of the Board by electronic means whether it will maintain or amend its draft decision and, if any, the amended draft decision, using a standardised format.

8. I gcás ina gcuireann an t-údarás maoirseachta lena mbaineann in iúl do Chathaoirleach an Bhoird, laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo, nach bhfuil sé ar intinn aige tuairim an Bhoird a leanuint, ina hiomláine nó go páirteach, agus na forais ábhartha á soláthar aige, beidh feidhm ag Airteagal 65(1).

8. Where the competent supervisory authority referred to in paragraph 1 informs the Chair of the Board within the period referred to in paragraph 7 of this Article that it does not intend to follow the opinion of the Board, in whole or in part, providing the relevant grounds, Article 65(1) shall apply.

Téacsanna gaolmhara
Recitals Leave a comment
Recitals

(136) Agus an sásra comhsheasmhachta á chur i bhfeidhm aige, ba cheart don Bhord tuairim a eisiúint, laistigh de thréimhse shocraithe ama, má chinneann tromlach dá chomhaltaí amhlaidh nó má iarrann aon údarás maoirseachta lena mbaineann nó an Coimisiún air déanamh amhlaidh. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Bhord cinntí a ghlacadh freisin, atá ceangailteach de réir dlí, i gcás ina bhfuil díospóidí ann idir údaráis mhaoirseachta. Chun na críche sin, ba cheart dó, i bprionsabal trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí, cinntí a eisiúint, atá ceangailteach de réir dlí, i gcásanna a shonraítear go soiléir agus ina bhfuil tuairimí contrártha i measc údaráis mhaoirseachta, go háirithe faoi chuimsiú an tsásra maidir le comhar idir an príomhúdarás maoirseachta agus údaráis mhaoirseachta lena mbaineann maidir le tuillteanais an cháis, go háirithe an bhfuil sárú ar an Rialachán seo ann nó nach bhfuil.

(136) In applying the consistency mechanism, the Board should, within a determined period of time, issue an opinion, if a majority of its members so decides or if so requested by any supervisory authority concerned or the Commission. The Board should also be empowered to adopt legally binding decisions where there are disputes between supervisory authorities. For that purpose, it should issue, in principle by a two-thirds majority of its members, legally binding decisions in clearly specified cases where there are conflicting views among supervisory authorities, in particular in the cooperation mechanism between the lead supervisory authority and supervisory authorities concerned on the merits of the case, in particular whether there is an infringement of this Regulation.

Leave a comment
[js-disqus]