Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 61. Cúnamh frithpháirteach
Íoslódáil PDF

Airteagal 61 RGCS (GDPR). Cúnamh frithpháirteach

Article 61 GDPR. Mutual assistance

1. Tabharfaidh údaráis mhaoirseachta faisnéis ábhartha agus cúnamh frithpháirteach dá chéile chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm ar shlí chomhsheasmhach, agus cuirfidh siad bearta i bhfeidhm le go bhféadfar oibriú go héifeachtach i gcomhar lena chéile. Is é is mó a chumhdófar le cúnamh frithpháirteach, amhail iarrataí ar fhaisnéis agus bearta maoirseachta, amhail iarrataí ar réamhúdaruithe agus réamhchomhairliúcháin, cigireachtaí agus imscrúduithe.

1. Supervisory authorities shall provide each other with relevant information and mutual assistance in order to implement and apply this Regulation in a consistent manner, and shall put in place measures for effective cooperation with one another. Mutual assistance shall cover, in particular, information requests and supervisory measures, such as requests to carry out prior authorisations and consultations, inspections and investigations.

2. Déanfaidh gach údarás maoirseachta na bearta iomchuí uile is gá d’fhonn iarraidh ó údarás maoirseachta eile a fhreagairt agus déanfar é sin gan mhoill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an iarraidh a fháil. Féadfar a áireamh sna bearta sin, go háirithe, faisnéis ábhartha a tharchur maidir le himscrúdú a dhéanamh.

2. Each supervisory authority shall take all appropriate measures required to reply to a request of another supervisory authority without undue delay and no later than one month after receiving the request. Such measures may include, in particular, the transmission of relevant information on the conduct of an investigation.

3. Cuimseofar san iarraidh ar chúnamh gach faisnéis is gá, lena n-áirítear cuspóir na hiarrata agus na cúiseanna atá léi. Úsáidfear an fhaisnéis a mhalartaítear chun na críche ar iarradh an fhaisnéis dá leith, agus chuige sin amháin.

3. Requests for assistance shall contain all the necessary information, including the purpose of and reasons for the request. Information exchanged shall be used only for the purpose for which it was requested.

4. An t-údarás maoirseachta iarrtha, ní fhéadfaidh sé diúltú an iarraidh a chomhlíonadh ach amháin:

4. The requested supervisory authority shall not refuse to comply with the request unless:

(a) mura bhfuil sé inniúil ar ábhar na hiarrata nó ar na bearta a iarrfar air a fheidhmiú; nó

(a) it is not competent for the subject-matter of the request or for the measures it is requested to execute; or

(b) dá sáródh comhlíonadh na hiarrata an Rialachán seo dlí an Aontais nó dlí Ballstáit a bhfuil an t-údarás maoirseachta a fhaigheann an iarraidh faoina réir.

(b) compliance with the request would infringe this Regulation or Union or Member State law to which the supervisory authority receiving the request is subject.

5. Cuirfidh an t-údarás maoirseachta iarrtha an t-údarás maoirseachta iarrthach ar an eolas faoi thorthaí na hiarrata nó, de réir mar a bheidh, faoin dul chun cinn nó faoi na bearta atá déanta chun freagairt don iarraidh. I gcásanna diúltaithe faoi mhír 4, tabharfaidh an t-údarás maoirseachta iarrtha míniú ar na cúiseanna atá le haon diúltú iarraidh de bhun mhír 4 a chomhlíonadh.

5. The requested supervisory authority shall inform the requesting supervisory authority of the results or, as the case may be, of the progress of the measures taken in order to respond to the request. The requested supervisory authority shall provide reasons for any refusal to comply with a request pursuant to paragraph 4.

6. De ghnáth, is trí mhodhanna leictreonacha a sholáthróidh údaráis mhaoirseachta iarrtha an fhaisnéis a iarrfaidh údaráis mhaoirseachta eile agus bainfear úsáid as formáid chaighdeánaithe chuige sin.

6. Requested supervisory authorities shall, as a rule, supply the information requested by other supervisory authorities by electronic means, using a standardised format.

7. Ní ghearrfaidh údaráis mhaoirseachta táille as aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh siad de bhun cúnamh frithpháirteach a iarraidh. Féadfaidh údaráis mhaoirseachta rialacha a chomhaontú le chéile le go slánóidh údaráis mhaoirseachta eile iad maidir le caiteachas sonrach a éiríonn as cúnamh frithpháirteach a sholáthar i ndálaí eisceachtúla.

7. Requested supervisory authorities shall not charge a fee for any action taken by them pursuant to a request for mutual assistance. Supervisory authorities may agree on rules to indemnify each other for specific expenditure arising from the provision of mutual assistance in exceptional circumstances.

8. I gcás nach soláthróidh údarás maoirseachta an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo laistigh de mhí amháin tar éis an iarraidh a fháil ó údarás maoirseachta eile, féadfaidh an t-údarás maoirseachta iarrthach beart sealadach a ghlacadh i gcríoch a Bhallstáit féin i gcomhréir le hAirteagal 55(1). Sa chás sin, toimhdeofar gur comhlíonadh an gá práinneach maidir le gníomhú faoi Airteagal 66(1), agus go mbeidh gá le cinneadh ceangailteach práinneach ón mBord de bhun Airteagal 61(2).

8. Where a supervisory authority does not provide the information referred to in paragraph 5 of this Article within one month of receiving the request of another supervisory authority, the requesting supervisory authority may adopt a provisional measure on the territory of its Member State in accordance with Article 55(1). In that case, the urgent need to act under Article 66(1) shall be presumed to be met and require an urgent binding decision from the Board pursuant to Article 66(2).

Téacsanna gaolmhara

9. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhormáid agus na nósanna imeachta don chúnamh frithpháirteach dá dtagraítear san Airteagal seo a shonrú agus na socruithe maidir le faisnéis a mhalartú trí mhodhanna leictreonacha idir údaráis mhaoirseachta, agus idir údaráis mhaoirseachta agus an Bord, go háirithe an fhormáid chaighdeánaithe dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 93(2).

9. The Commission may, by means of implementing acts, specify the format and procedures for mutual assistance referred to in this Article and the arrangements for the exchange of information by electronic means between supervisory authorities, and between supervisory authorities and the Board, in particular the standardised format referred to in paragraph 6 of this Article. Those implementing acts shall be adopted in accordance with the examination procedure referred to in Article 93(2).

Téacsanna gaolmhara
Recitals Leave a comment
Recitals

(133) Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta cuidiú le chéile i dtaca lena gcúraimí a chomhlíonadh agus ba cheart dóibh cúnamh frithpháirteach a chur ar fáil chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú comhsheasmhach an Rialacháin seo a áirithiú sa mhargadh inmheánach. Féadfaidh údarás maoirseachta a iarrann cúnamh frithpháirteach beart sealadach a ghlacadh más rud é nach bhfaigheann sé aon fhreagra ar iarraidh ar chúnamh frithpháirteach laistigh de mhí amháin tar éis dó an iarraidh sin a fháil ón údarás maoirseachta eile.

(133) The supervisory authorities should assist each other in performing their tasks and provide mutual assistance, so as to ensure the consistent application and enforcement of this Regulation in the internal market. A supervisory authority requesting mutual assistance may adopt a provisional measure if it receives no response to a request for mutual assistance within one month of the receipt of that request by the other supervisory authority.

Leave a comment
[js-disqus]