Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 71. Tuarascálacha
Íoslódáil PDF

Airteagal 71 RGCS (GDPR). Tuarascálacha

Article 71 GDPR. Reports

1. Tarraingeoidh an Bord suas tuarascáil bhliantúil ar chosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil san Aontas agus, i gcás inarb ábhartha, i dtríú tíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta. Déanfar an tuarascáil a chur ar fáil go poiblí agus é a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

1. The Board shall draw up an annual report regarding the protection of natural persons with regard to processing in the Union and, where relevant, in third countries and international organisations. The report shall be made public and be transmitted to the European Parliament, to the Council and to the Commission.

2. Áireofar sa tuarascáil bhliantúil athbhreithniú ar chur i bhfeidhm praiticiúil na dtreoirlínte, na moltaí agus na ndea-chleachtas dá dtagraítear i bpointe (l) d’Airteagal 70(1), chomh maith leis na cinntí ceangailteacha dá dtagraítear in Airteagal 65.

2. The annual report shall include a review of the practical application of the guidelines, recommendations and best practices referred to in point (l) of Article 70(1) as well as of the binding decisions referred to in Article 65.

Téacsanna gaolmhara