Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 57. Cúraimí
Íoslódáil PDF

Airteagal 57 RGCS (GDPR). Cúraimí

Article 57 GDPR. Tasks

1. Gan dochar do chúraimí eile a leagtar amach faoin Rialachán seo, déanfaidh gach údarás maoirseoireachta an méid seo a leanas ina chríoch féin:

1. Without prejudice to other tasks set out under this Regulation, each supervisory authority shall on its territory:

(a) déanfaidh sé faireachán ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus déanfaidh sé é a fhorfheidhmiú;

(a) monitor and enforce the application of this Regulation;

(b) déanfaidh sé feasacht agus tuiscint i measc an phobail a chur chun cinn maidir leis na rioscaí, leis na rialacha, leis na coimircí agus leis na cearta a bhaineann le próiseáil. Tabharfar aird ar leith ar ghníomhaíochtaí a bhaineann go sonrach le leanaí;

(b) promote public awareness and understanding of the risks, rules, safeguards and rights in relation to processing. Activities addressed specifically to children shall receive specific attention;

(c) cuirfidh sé comhairle, i gcomhréir le dlí Ballstáit, ar an bparlaimint náisiúnta, ar an rialtas, agus ar institiúidí agus ar chomhlachtaí eile maidir le bearta reachtacha agus riaracháin a bhaineann le cearta agus le saoirsí daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil;

(c) advise, in accordance with Member State law, the national parliament, the government, and other institutions and bodies on legislative and administrative measures relating to the protection of natural persons’ rights and freedoms with regard to processing;

(d) déanfaidh sé feasacht maidir lena n-oibleagáidí faoin Rialachán seo i measc rialaitheoirí agus próiseálaithe a chur chun cinn;

(d) promote the awareness of controllers and processors of their obligations under this Regulation;

(e) arna iarraidh sin air, soláthróidh sé faisnéis d’aon ábhar sonraí maidir lena gcearta a fheidhmiú faoin Rialachán seo agus, más iomchuí, comhoibreoidh sé leis na húdaráis mhaoirseachta i mBallstáit eile chun na críche sin;

(e) upon request, provide information to any data subject concerning the exercise of their rights under this Regulation and, if appropriate, cooperate with the supervisory authorities in other Member States to that end;

(f) láimhseálfaidh sé gearáin arna dtaisceadh ag ábhar sonraí, nó ag comhlacht, eagraíocht nó comhlachas i gcomhréir le hAirteagal 80, agus déanfaidh sé imscrúdú, a mhéid is iomchuí, ar ábhar an ghearáin agus cuirfidh sé an gearánaí ar an eolas maidir leis an dul chun cinn agus maidir le toradh an imscrúdaithe laistigh de thréimhse réasúnta, go háirithe más gá imscrúdú breise a dhéanamh nó más gá comhordú a dhéanamh le húdarás maoirseachta eile;

(f) handle complaints lodged by a data subject, or by a body, organisation or association in accordance with Article 80, and investigate, to the extent appropriate, the subject matter of the complaint and inform the complainant of the progress and the outcome of the investigation within a reasonable period, in particular if further investigation or coordination with another supervisory authority is necessary;

Téacsanna gaolmhara

(g) oibreoidh sé i gcomhar le húdaráis mhaoirseachta eile agus roinnfidh sé faisnéis leo agus cuirfidh sé cúnamh frithpháirteach ar fáil dóibh, d’fhonn a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú ar bhonn comhsheasmhach;

(g) cooperate with, including sharing information and provide mutual assistance to, other supervisory authorities with a view to ensuring the consistency of application and enforcement of this Regulation;

(h) déanfaidh sé imscrúduithe ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear ar bhonn faisnéis a fuarthas ó údarás maoirseachta eile nó ó údarás poiblí eile;

(h) conduct investigations on the application of this Regulation, including on the basis of information received from another supervisory authority or other public authority;

(i) déanfaidh sé faireachán ar fhorbairtí ábhartha, sa mhéid go bhfuil tionchar acu ar chosaint sonraí pearsanta, go háirithe forbairtí i dteicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide agus i gcleachtais tráchtála;

(i) monitor relevant developments, insofar as they have an impact on the protection of personal data, in particular the development of information and communication technologies and commercial practices;

(j) glacfaidh sé na clásail chonarthacha chaighdeánacha dá dtagraítear in Airteagal 28(8) agus i bpointe (d) d’Airteagal 46(2);

(j) adopt standard contractual clauses referred to in Article 28(8) and in point (d) of Article 46(2);

Téacsanna gaolmhara

(k) bunóidh sé agus coimeádfaidh sé ar bun liosta i ndáil leis an gceanglas le haghaidh measúnú tionchair a dhéanamh ar chosaint sonraí de bhun Airteagal 35(4);

(k) establish and maintain a list in relation to the requirement for data protection impact assessment pursuant to Article 35(4);

Téacsanna gaolmhara

(l) tabharfaidh sé comhairle maidir leis na hoibríochtaí próiseála dá dtagraítear in Airteagal 36(2);

(l) give advice on the processing operations referred to in Article 36(2);

Téacsanna gaolmhara

(m) spreagfaidh sé cóid iompair a tharraingt suas de bhun Airteagal 40(1) agus tabharfaidh sé tuairim fúthu agus formheasfaidh sé na cóid iompair sin a bhfuil coimircí leordhóthanacha ag gabháil leo, de bhun Airteagal 40(5);

(m) encourage the drawing up of codes of conduct pursuant to Article 40(1) and provide an opinion and approve such codes of conduct which provide sufficient safeguards, pursuant to Article 40(5);

Téacsanna gaolmhara

(n) spreagfaidh sé bunú sásraí deimhniúcháin um chosaint sonraí, agus séalaí agus marcanna cosanta sonraí freisin, agus formheasfaidh sé na critéir deimhniúcháin de bhun Airteagal 42 (5);

(n) encourage the establishment of data protection certification mechanisms and of data protection seals and marks pursuant to Article 42(1), and approve the criteria of certification pursuant to Article 42(5);

Téacsanna gaolmhara

(o) i gcás inarb infheidhme, déanfaidh sé athbhreithniú tréimhsiúil ar dheimhniúcháin a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 42(7);

(o) where applicable, carry out a periodic review of certifications issued in accordance with Article 42(7);

Téacsanna gaolmhara

(p) dréachtóidh agus foilseoidh sé na critéir i ndáil le comhlacht a chreidiúnú chun faireachán a dhéanamh ar chóid iompair de bhun Airteagal 41 agus i ndáil le comhlacht deimhniúcháin de bhun Airteagal 43;

(p) draft and publish the requirements for accreditation of a body for monitoring codes of conduct pursuant to Article 41 and of a certification body pursuant to Article 43;

Téacsanna gaolmhara

(q) seolfaidh sé creidiúnú do chomhlacht chun faireachán a dhéanamh ar chóid iompair de bhun Airteagal 41 agus creidiúnú do chomhlacht deimhniúcháin de bhun Airteagal 43;

(q) conduct the accreditation of a body for monitoring codes of conduct pursuant to Article 41 and of a certification body pursuant to Article 43;

Téacsanna gaolmhara

(r) údaróidh sé na clásail chonarthacha agus na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 463;

(r) authorise contractual clauses and provisions referred to in Article 46(3);

Téacsanna gaolmhara

(s) déanfaidh sé rialacha ceangailteacha corparáideacha a fhormheas de bhun Airteagal 47;

(s) approve binding corporate rules pursuant to Article 47;

Téacsanna gaolmhara

(t) rannchuideoidh sé le gníomhaíochtaí an Bhoird;

(t) contribute to the activities of the Board;

(u) coimeádfaidh sé taifid inmheánacha ar sháruithe ar an Rialachán seo agus ar na bearta arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 58(2); agus

(u) keep internal records of infringements of this Regulation and of measures taken in accordance with Article 58(2); and

Téacsanna gaolmhara

(v) comhlíonfaidh sé aon chúraimí eile a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.

(v) fulfil any other tasks related to the protection of personal data.

2. Déanfaidh gach údarás maoirseachta taisceadh na ngearán dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 1 a éascú trí bhearta amhail foirm le haghaidh gearán a dhéanamh, a fhéadfar a líonadh isteach go leictreonach freisin, gan modhanna eile cumarsáide a eisiamh.

2. Each supervisory authority shall facilitate the submission of complaints referred to in point (f) of paragraph 1 by measures such as a complaint submission form which can also be completed electronically, without excluding other means of communication.

3. Comhlíonfaidh gach údarás maoirseachta a chúraimí gan aon chostas a ghearradh ar an ábhar sonraí ná, i gcás inarb infheidhme, ar an oifigeach cosanta sonraí.

3. The performance of the tasks of each supervisory authority shall be free of charge for the data subject and, where applicable, for the data protection officer.

4. I gcás inar follasach go bhfuil iarrataí gan bhunús nó go bhfuil siad iomarcach, go háirithe mar gheall ar a atarlaithí atá siad, féadfaidh an t-údarás maoirseachta táille réasúnta a ghearradh ar bhonn na gcostas riaracháin, sin nó diúltú gníomhú de bhun na hiarrata. Is faoin údarás maoirseachta a bheidh sé a thaispeáint go bhfuil an iarraidh gan bhunús nó go bhfuil sí iomarcach.

4. Where requests are manifestly unfounded or excessive, in particular because of their repetitive character, the supervisory authority may charge a reasonable fee based on administrative costs, or refuse to act on the request. The supervisory authority shall bear the burden of demonstrating the manifestly unfounded or excessive character of the request.

Recitals Leave a comment
Recitals

(123) Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha de bhun an Rialacháin seo agus ba cheart dóibh rannchuidiú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin ar fud an Aontais, d'fhonn daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta agus chun saorshreabhadh sonraí pearsanta a éascú laistigh den mhargadh inmheánach. Chun na críche sin, ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta comhoibriú lena chéile agus leis an gCoimisiún, agus gan gá ar bith le comhaontú idir Ballstáit maidir le cúnamh frithpháirteach a chur ar fáil ná le comhar den sórt sin.

(123) The supervisory authorities should monitor the application of the provisions pursuant to this Regulation and contribute to its consistent application throughout the Union, in order to protect natural persons in relation to the processing of their personal data and to facilitate the free flow of personal data within the internal market. For that purpose, the supervisory authorities should cooperate with each other and with the Commission, without the need for any agreement between Member States on the provision of mutual assistance or on such cooperation.

(132) Sna gníomhaíochtaí a dhéanann údaráis mhaoirseachta chun feasacht a ardú i measc an phobail, ba cheart bearta sonracha a áireamh atá dírithe ar rialaitheoirí agus próiseálaithe, lena n-áirítear micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide, mar aon le daoine nádúrtha go háirithe i gcomhthéacs an oideachais.

(132) Awareness-raising activities by supervisory authorities addressed to the public should include specific measures directed at controllers and processors, including micro, small and medium-sized enterprises, as well as natural persons in particular in the educational context.

Leave a comment
[js-disqus]