Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 70. Cúraimí an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí
Íoslódáil PDF

Airteagal 70 RGCS (GDPR). Cúraimí an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí

Article 70 GDPR. Tasks of the Board

1. Áiritheoidh an Bord go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach. Chuige sin, déanfaidh an Bord, ar a thionscnamh féin, nó, i gcás inarb ábhartha, arna iarraidh sin don Choimisiún, an méid seo leanas go háirithe:

1. The Board shall ensure the consistent application of this Regulation. To that end, the Board shall, on its own initiative or, where relevant, at the request of the Commission, in particular:

(a) déanfaidh sé faireachán ar an Rialachán seo agus áiritheoidh sé go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm mar is ceart sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 64 agus in Airteagal 65, gan dochar do na cúraimí a bheidh ar na húdaráis náisiúnta mhaoirseachta;

(a) monitor and ensure the correct application of this Regulation in the cases provided for in Articles 64 and 65 without prejudice to the tasks of national supervisory authorities;

Téacsanna gaolmhara

(b) comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le haon tsaincheist a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta san Aontas, lena n-áirítear aon leasuithe atá beartaithe maidir leis an Rialachán seo;

(b) advise the Commission on any issue related to the protection of personal data in the Union, including on any proposed amendment of this Regulation;

(c) comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir leis an bhformáid agus na nósanna imeachta le haghaidh faisnéis a mhalartú idir rialaitheoirí, próiseálaithe agus údaráis mhaoirseachta le haghaidh rialacha ceangailteacha corparáideacha;

(c) advise the Commission on the format and procedures for the exchange of information between controllers, processors and supervisory authorities for binding corporate rules;

(d) eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr maidir le nósanna imeachta a bhaineann le naisc chuig sonraí pearsanta, agus cóipeanna nó macasamhlaithe na sonraí sin, a léirscriosadh ó sheirbhísí cumarsáide atá ar fáil go poiblí dá dtagraítear in Airteagal 17(2);

(d) issue guidelines, recommendations, and best practices on procedures for erasing links, copies or replications of personal data from publicly available communication services as referred to in Article 17(2);

Téacsanna gaolmhara

(e) scrúdóidh sé, ar a thionscnamh féin, arna iarraidh sin do chomhalta dá chuid nó don Choimisiún, ceist ar bith lena gcumhdaítear cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus déanfaidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr a eisiúint do na húdaráis mhaoirseachta d’fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo a spreagadh;

(e) examine, on its own initiative, on request of one of its members or on request of the Commission, any question covering the application of this Regulation and issue guidelines, recommendations and best practices in order to encourage consistent application of this Regulation;

(f) eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr i gcomhréir le pointe (e) den mhír seo d’fhonn na critéir agus na coinníollacha maidir le cinntí atá bunaithe ar phróifíliú de bhun Airteagal 22(2) a shonrú tuilleadh;

(f) issue guidelines, recommendations and best practices in accordance with point (e) of this paragraph for further specifying the criteria and conditions for decisions based on profiling pursuant to Article 22(2);

Téacsanna gaolmhara

(g) eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr i gcomhréir le pointe (e) den mhír seo le haghaidh na sáruithe ar na sonraí pearsanta a shuíomh agus le cinneadh a dhéanamh maidir leis an moill mhíchuí dá dtagraítear inAirteagal 33 (1) agus (2), agus maidir leis na himthosca ar leith ina gceanglaítear ar rialaitheoir nó próiseálaí fógraa a thbahairt maidir leis an sárú i ndáil le sonraí pearsantal;

(g) issue guidelines, recommendations and best practices in accordance with point (e) of this paragraph for establishing the personal data breaches and determining the undue delay referred to in Article 33(1) and (2) and for the particular circumstances in which a controller or a processor is required to notify the personal data breach;

Téacsanna gaolmhara

(h) eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr i gcomhréir le pointe (e) den mhír seo maidir leis na himthosca inar dócha go ráineodh ardriosca atá ann i leith chearta agus shaoirsí na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 34(1) i gcás ina ndéanfar sárú ar shonraí pearsanta.

(h) issue guidelines, recommendations and best practices in accordance with point (e) of this paragraph as to the circumstances in which a personal data breach is likely to result in a high risk to the rights and freedoms of the natural persons referred to in Article 34(1).

Téacsanna gaolmhara

(i) eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr i gcomhréir le pointe (e) den mhír seo chun na critéir agus na ceanglais a shonrú tuilleadh maidir le haistrithe sonraí pearsanta atá bunaithe ar rialacha ceangailteacha corparáideacha a gcloíonn rialaitheoirí leo agus rialacha ceangailteacha corparáideacha a gcloíonn próiseálaithe leo agus maidir le tuilleadh ceanglas riachtanach chun a áirithiú go ndéanfar cosaint ar shonraí pearsanta na n-ábhar sonraí lena mbaineann, arb ábhar do na sonraí iad, dá dtagraítear in Airteagal 47;

(i) issue guidelines, recommendations and best practices in accordance with point (e) of this paragraph for the purpose of further specifying the criteria and requirements for personal data transfers based on binding corporate rules adhered to by controllers and binding corporate rules adhered to by processors and on further necessary requirements to ensure the protection of personal data of the data subjects concerned referred to in Article 47;

Téacsanna gaolmhara

(j) eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr i gcomhréir le pointe (e) den Airteagal seo ar mhaithe leis na critéir agus na ceanglais chun na haistrithe sonraí pearsanta arna mbunú ar Airteagal 49(1) a shonrú tuilleadh;

(j) issue guidelines, recommendations and best practices in accordance with point (e) of this paragraph for the purpose of further specifying the criteria and requirements for the personal data transfers on the basis of Article 49(1);

Téacsanna gaolmhara

(k) tarraingeoidh sé suas treoirlínte d’údaráis mhaoirseachta maidir le bearta dá dtagraítear inAirteagal 58 (1), (2) agus (4) a chur i bhfeidhm agus maidir le fíneálacha riaracháin a shocrú de bhun Airteagal 83;

(k) draw up guidelines for supervisory authorities concerning the application of measures referred to in Article 58(1), (2) and (3) and the setting of administrative fines pursuant to Article 83;

Téacsanna gaolmhara

(l) athbhreithneoidh sé cur i bhfeidhm praiticiúil na dtreoirlínte, na moltaí agus na ndea-chleachtas dá dtagraítear i bpointe (e) agus i bpointe (f);

(l) review the practical application of the guidelines, recommendations and best practices;

(m) eiseoidh sé treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr i gcomhréir le pointe (e) de mhír 1 chun nósanna imeachta coiteanna a bhunú trína bhféadfaidh daoine nádúrtha tuairisciú a dhéanamh ar sháruithe ar an Rialachán seo de bhun Airteagal 54(2);

(m) issue guidelines, recommendations and best practices in accordance with point (e) of this paragraph for establishing common procedures for reporting by natural persons of infringements of this Regulation pursuant to Article 54(2);

Téacsanna gaolmhara

(n) déanfaidh sé tarraingt suas na gcód iompair a spreagadh agus sásraí deimhniúcháin um chosaint sonraí agus séalaí agus marcanna cosanta sonraí a bhunú de bhun Airteagal 40 agus de bhun Airteagal 42;

(n) encourage the drawing-up of codes of conduct and the establishment of data protection certification mechanisms and data protection seals and marks pursuant to Articles 40 and 42;

(o) déanfaidh sé creidiúnú ar na comhlachtaí deimhniúcháin agus déanfaidh sé athbhreithniú tréimhsiúil air de bhun Airteagal 43a agus coinneoidh sé clár poiblí de na comhlachtaí creidiúnaithe de bhun Airteagal 43(6), agus déanfaidh sé amhlaidh i leith na rialaitheoirí creidiúnaithe nó na bpróiseálaithe creidiúnaithe atá bunaithe i dtríú tíortha de bhun Airteagal 42(7);

(o) approve the criteria of certification pursuant to Article 42(5) and maintain a public register of certification mechanisms and data protection seals and marks pursuant to Article 42(8) and of the certified controllers or processors established in third countries pursuant to Article 42(7);

Téacsanna gaolmhara

(p) sonróidh sé na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 43(3) i dtaca leis na comhlachtaí deimhniúcháin a chreidiúnú faoi Airteagal 42;

(p) approve the requirements referred to in Article 43(3) with a view to the accreditation of certification bodies referred to in Article 43;

Téacsanna gaolmhara

(q) tabharfaidh sé tuairim don Choimisiún maidir leis na ceanglais deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(8);

(q) provide the Commission with an opinion on the certification requirements referred to in Article 43(8);

Téacsanna gaolmhara

(r) tabharfaidh sé tuairim don Choimisiún maidir leis na deilbhíní dá dtagraítear in Airteagal 12(7);

(r) provide the Commission with an opinion on the icons referred to in Article 12(7);

Téacsanna gaolmhara

(s) tabharfaidh sé tuairim don Choimisiún le haghaidh measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht an leibhéil chosanta i dtríú tír nó in eagraíocht idirnáisiúnta, lena n-áirítear le haghaidh measúnú a dhéanamh féachaint an ndéanann nó nach ndéanann tríú tír, críoch nó earnáil shonraithe amháin nó níos mó sa tríú tír sin,, nó eagraíocht idirnáisiúnta, leibhéal leordhóthanach cosanta a áirithiú a thuilleadh. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún na doiciméid uile is gá, lena n-áirítear comhfhreagras le rialtas an tríú tír, dtaca leis an tríú tír sin, an críoch sin nó leis an earnáil phróiseála shonraithe sin nó leis an eagraíocht idirnáisiúnta, a sholáthar don Bhord.

(s) provide the Commission with an opinion for the assessment of the adequacy of the level of protection in a third country or international organisation, including for the assessment whether a third country, a territory or one or more specified sectors within that third country, or an international organisation no longer ensures an adequate level of protection. To that end, the Commission shall provide the Board with all necessary documentation, including correspondence with the government of the third country, with regard to that third country, territory or specified sector, or with the international organisation.

(t) eiseoidh sé tuairimí ar dhréachtchinntí ó údaráis mhaoirseachta de bhun an tsásra comhsheasmhachta dá dtagraítear inAirteagal 64(1)ar ábhair a thíolacfar de bhun Airteagal 64(2) agus eiseoidh sé cinntí ceangailteacha de bhun Airteagal 65, lena n-áirítear i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 66;

(t) issue opinions on draft decisions of supervisory authorities pursuant to the consistency mechanism referred to in Article 64(1), on matters submitted pursuant to Article 64(2) and to issue binding decisions pursuant to Article 65, including in cases referred to in Article 66;

Téacsanna gaolmhara

(u) déanfaidh sé an comhar agus an malartú éifeachtach déthaobhach agus iltaobhach faisnéise agus dea=chleachtas idir na húdaráis mhaoirseachta a chur chun cinn;

(u) promote the cooperation and the effective bilateral and multilateral exchange of information and best practices between the supervisory authorities;

(v) cuirfidh sé cláir choiteanna oiliúna chun cinn agus éascóidh sé malartuithe pearsanra idir na húdaráis mhaoirseachta agus, i gcás inarb iomchuí, le húdaráis mhaoirseachta tríú tíortha nó le húdaráis mhaoirseachta eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(v) promote common training programmes and facilitate personnel exchanges between the supervisory authorities and, where appropriate, with the supervisory authorities of third countries or with international organisations;

(w) déanfaidh sé an malartú faisnéise agus doiciméad ar reachtaíocht agus ar chleachtas um chosaint sonraí a chur chun cinn le húdaráis mhaoirseachta um chosaint sonraí ar fud an domhain.

(w) promote the exchange of knowledge and documentation on data protection legislation and practice with data protection supervisory authorities worldwide.

(x) tabharfaidh sé tuairimí uaidh maidir le cóid iompair arna dtarraingt suas ar leibhéal an Aontais de bhun Airteagal 40(9); agus

(x) issue opinions on codes of conduct drawn up at Union level pursuant to Article 40(9); and

Téacsanna gaolmhara

(y) coinneoidh sé clár leictreonach a mbeidh rochtain ag an bpobal air i dtaobh cinntí a rinne údaráis mhaoirseachta agus cúirteanna maidir le saincheisteanna a láimhseáladh sa sásra comhsheasmhachta.

(y) maintain a publicly accessible electronic register of decisions taken by supervisory authorities and courts on issues handled in the consistency mechanism.

2. I gcás ina n-iarrann an Coimisiún comhairle ar an mBord, féadfaidh sé teorainn ama a shonrú, agus práinn an ábhair á cur san áireamh.

2. Where the Commission requests advice from the Board, it may indicate a time limit, taking into account the urgency of the matter.

3. Cuirfidh an Bord a thuairimí, a threoirlínte, a mholtaí agus a dhea-chleachtais ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gcoiste dá dtagraítear in Airteagal 87 agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí iad.

3. The Board shall forward its opinions, guidelines, recommendations, and best practices to the Commission and to the committee referred to in Article 93 and make them public.

Téacsanna gaolmhara

4. Rachaidh an Bord, i gcás inarb iomchuí, i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus tabharfaidh sé an deis dóibh a mbarúlacha a thabhairt laistigh de thréimhse réasúnach. Déanfaidh an Bord, gan dochar d’Airteagal 76, torthaí an nós imeachta comhairliúcháin a chur ar fáil go poiblí.

4. The Board shall, where appropriate, consult interested parties and give them the opportunity to comment within a reasonable period. The Board shall, without prejudice to Article 76, make the results of the consultation procedure publicly available.

Téacsanna gaolmhara