Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 104
Íoslódáil PDF

Aithris 104

Recital 104

(104) I gcomhréir leis na bunluachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, go háirithe cosaint chearta an duine, ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh, agus measúnú á dhéanamh aige ar thríú tír nó ar chríoch nó ar earnáil shonraithe i dtríú tír, an tslí ina ndéanann tríú tír ar leith an smacht reachta, rochtain ar cheartas mar aon leis na noirm agus na caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus an dlí ginearálta agus an dlí earnála atá aici, lena n-áirítear reachtaíocht a bhaineann leis an tslándáil phoiblí, le cosaint agus leis an tslándáil náisiúnta mar aon leis an ord poiblí agus leis an dlí coiriúil, a urramú.

Agus cinneadh leordhóthanachta maidir le críoch nó le hearnáil shonraithe i dtaca le tríú tír á ghlacadh, ba cheart a chur san áireamh critéir shoiléire oibiachtúla, amhail gníomhaíochtaí sonracha próiseála agus raon feidhme na gcaighdeán dlíthiúil is infheidhme agus na reachtaíochta atá i bhfeidhm sa tríú tír.

Ba cheart don tríú tír ráthaíochtaí a thabhairt lena n-áiritheofaí leibhéal leordhóthanach cosanta arb ionann é go bunúsach agus an leibhéal a áirithítear laistigh den Aontas, go háirithe i gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta in earnáil ar leith nó i roinnt earnálacha ar leith.

Go háirithe, ba cheart don tríú tír maoirseacht neamhspleách éifeachtach ar chosaint sonraí a áirithiú agus ba cheart di foráil a dhéanamh maidir le sásraí comhair leis na húdaráis na mBallstát um chosaint sonraí, agus ba cheart cearta éifeachtacha in-fhorfheidhmithe agus sásamh éifeachtach riaracháin agus sásamh éifeachtach breithiúnach a thabhairt do na hábhair sonraí.

(104) In line with the fundamental values on which the Union is founded, in particular the protection of human rights, the Commission should, in its assessment of the third country, or of a territory or specified sector within a third country, take into account how a particular third country respects the rule of law, access to justice as well as international human rights norms and standards and its general and sectoral law, including legislation concerning public security, defence and national security as well as public order and criminal law.

The adoption of an adequacy decision with regard to a territory or a specified sector in a third country should take into account clear and objective criteria, such as specific processing activities and the scope of applicable legal standards and legislation in force in the third country.

The third country should offer guarantees ensuring an adequate level of protection essentially equivalent to that ensured within the Union, in particular where personal data are processed in one or several specific sectors.

In particular, the third country should ensure effective independent data protection supervision and should provide for cooperation mechanisms with the Member States’ data protection authorities, and the data subjects should be provided with effective and enforceable rights and effective administrative and judicial redress.