Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 158
Íoslódáil PDF

Aithris 158

Recital 158

(158) I gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun críocha cartlannú a dhéanamh, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis an bpróiseáil sin freisin, ag cur san áireamh nár cheart go mbeadh feidhme ag an Rialachán seo maidir le daoine éagtha.

Údaráis phoiblí nó comhlachtaí poiblí nó príobháideacha a bhfuil taifid atá chun leas an phobail ina seilbh acu, ba cheart iad a bheith ina seirbhísí a bhfuil sé d’oibleagáid dhlíthiúil orthu, de bhun dlí an Aontais nó dlí Ballstáit, taifid a fháil, a chaomhnú, a eagrú, a chur in iúl, a chur chun cinn, a scaipeadh, cur síos a dhéanamh, breithmheas a thabhairt orthu agus rochtain orthu a chur ar fáil, ar taifid iad a bhfuil luach marthanach ar baint leo chun leas ginearálta an phobail.

Ba cheart freisin údarás a thabhairt do na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhféadfaí sonraí pearsanta a phróiseáil tuilleadh chun críocha cartlannú a dhéanamh, mar shampla d’fhonn faisnéis shonrach a chur ar fáil a bhaineann le hiompar polaitiúil faoi iar-réimis ollsmachtacha stáit, le cinedhíothú, le coireanna in aghaidh an chine dhaonna, go háirithe an tUileloscadh, nó le coireanna cogaidh.

(158) Where personal data are processed for archiving purposes, this Regulation should also apply to that processing, bearing in mind that this Regulation should not apply to deceased persons.

Public authorities or public or private bodies that hold records of public interest should be services which, pursuant to Union or Member State law, have a legal obligation to acquire, preserve, appraise, arrange, describe, communicate, promote, disseminate and provide access to records of enduring value for general public interest.

Member States should also be authorised to provide for the further processing of personal data for archiving purposes, for example with a view to providing specific information related to the political behaviour under former totalitarian state regimes, genocide, crimes against humanity, in particular the Holocaust, or war crimes.