Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 150
Íoslódáil PDF

Aithris 150

Recital 150

(150) Chun pionóis riaracháin a neartú agus a chomhchuibhiú le haghaidh sáruithe ar an Rialachán seo, ba cheart an chumhacht a bheith ag gach údarás maoirseachta fíneálacha riaracháin a ghearradh.

Ba cheart a léiriú sa Rialachán seo sáruithe agus an uasteorainn agus na critéir chun na fíneálacha riaracháin a bhaineann leo a shocrú, ar cheart don údarás maoirseachta inniúil iad a chinneadh i ngach cás aonair, agus na himthosca ábhartha uile den staid shonrach á gcur san áireamh, agus aird chuí á tabhairt go háirithe ar chineál, ar thromaíocht agus ar fhad an tsáraithe agus ar a iarmhairtí agus ar na bearta a dhéantar chun a áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí faoin Rialachán seo agus chun iarmhairtí an tsáraithe a chosc nó a mhaolú.

I gcás ina ngearrtar fíneálacha riaracháin ar ghnóthas, ba cheart gnóthas a thuiscint mar ghnóthas i gcomhréir le hAirteagal 101 agus le hAirteagal 102 CFAE chun na gcríoch sin.

I gcás ina ngearrtar fíneálacha riaracháin ar dhaoine nach gnóthas iad, ba cheart don údarás maoirseachta aird a thabhairt ar an leibhéal ginearálta ioncaim sa Bhallstát chomh maith le staid eacnamaíoch an duine agus méid iomchuí na fíneála á mheas aige.

Féadfar an sásra comhsheasmhachta a úsáid freisin chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach fíneálacha riaracháin a chur chun cinn.

Ba cheart gur faoin mBallstát a bheadh sé cinneadh a dhéanamh ar cheart d’údaráis phoiblí a bheith faoi réir fíneálacha riaracháin agus a mhéid ba cheart dóibh a bheith faoi réir na bhfíneálacha sin.

Le fíneáil riaracháin a ghearradh nó le foláireamh a thabhairt, ní dhéantar difear do chur i bhfeidhm cumhachtaí eile de chuid na n-údarás maoirseachta ná do chur i bhfeidhm pionós eile faoin Rialachán seo.

(150) In order to strengthen and harmonise administrative penalties for infringements of this Regulation, each supervisory authority should have the power to impose administrative fines.

This Regulation should indicate infringements and the upper limit and criteria for setting the related administrative fines, which should be determined by the competent supervisory authority in each individual case, taking into account all relevant circumstances of the specific situation, with due regard in particular to the nature, gravity and duration of the infringement and of its consequences and the measures taken to ensure compliance with the obligations under this Regulation and to prevent or mitigate the consequences of the infringement.

Where administrative fines are imposed on an undertaking, an undertaking should be understood to be an undertaking in accordance with Articles 101 and 102 TFEU for those purposes.

Where administrative fines are imposed on persons that are not an undertaking, the supervisory authority should take account of the general level of income in the Member State as well as the economic situation of the person in considering the appropriate amount of the fine.

The consistency mechanism may also be used to promote a consistent application of administrative fines.

It should be for the Member States to determine whether and to which extent public authorities should be subject to administrative fines.

Imposing an administrative fine or giving a warning does not affect the application of other powers of the supervisory authorities or of other penalties under this Regulation.