Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 151
Íoslódáil PDF

Aithris 151

Recital 151

(151) Le córas dlí na Danmhairge agus le córas dlí na hEastóine, ní cheadaítear fíneálacha riaracháin mar a leagtar amach sa Rialachán seo.

Féadfar na rialacha maidir le fíneálacha riaracháin a chur i bhfeidhm ar chaoi go ndéanfaidh na cúirteanna náisiúnta inniúla an fhíneáil a ghearradh mar phionós coiriúil, i gcás na Danmhairge, agus go ndéanfaidh an t-údarás maoirseachta an fhíneáil a ghearradh faoi chreat nós imeachta maidir le hoilghníomh, i gcás na hEastóine, ar an gcoinníoll gurb ionann an éifeacht a bheadh ag cur i bhfeidhm na rialacha ar an gcaoi sin sna Ballstáit sin agus an éifeacht a bheadh ag fíneálacha riaracháin arna ngearradh ag údaráis mhaoirseachta.

Dá bhrí sin, ba cheart do na cúirteanna náisiúnta inniúla aird a thabhairt ar an moladh ón údarás maoirseachta a thionscnaíonn an fhíneáil.

Ar aon chaoi, ba cheart na fíneálacha a ghearrtar a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(151) The legal systems of Denmark and Estonia do not allow for administrative fines as set out in this Regulation.

The rules on administrative fines may be applied in such a manner that in Denmark the fine is imposed by competent national courts as a criminal penalty and in Estonia the fine is imposed by the supervisory authority in the framework of a misdemeanour procedure, provided that such an application of the rules in those Member States has an equivalent effect to administrative fines imposed by supervisory authorities.

Therefore the competent national courts should take into account the recommendation by the supervisory authority initiating the fine.

In any event, the fines imposed should be effective, proportionate and dissuasive.