Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 129
Íoslódáil PDF

Aithris 129

Recital 129

(129) D’fhonn faireachán agus forfheidhmiú comhsheasmhach an Rialacháin seo a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart na cúraimí céanna agus na cumhachtaí éifeachtacha céanna a bheith ag na húdaráis mhaoirseachta i ngach Ballstát, lena n-áirítear cumhachtaí imscrúdaithe, cumhachtaí ceartaitheacha agus pionóis, agus cumhachtaí údaraithe agus comhairliúcháin, go háirithe i gcásanna gearán ó dhaoine nádúrtha, agus gan dochar do chumhachtaí na n-údarás ionchúisimh faoi dhlí Ballstáit, chun na húdaráis bhreithiúnacha a chur ar an eolas faoi aon sárú a dhéantar ar an Rialachán seo agus chun imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh.

Ba cheart a áireamh ar chumhachtaí den sórt sin freisin an chumhacht teorainn shealadach nó teorainn bhuan, lena n-áirítear toirmeasc, a fhorchur ar phróiseáil.

Féadfaidh na Ballstáit cúraimí eile a shonrú a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta faoin Rialachán seo.

Maidir leis na cumhachtaí sin atá ag na húdaráis mhaoirseachta, ba cheart iad a fheidhmiú i gcomhréir le coimircí iomchuí nós imeachta a leagtar amach i ndlí an Aontais agus i ndlí Ballstáit, ar bhealach atá neamhchlaon agus cóir agus laistigh de thréimhse réasúnach ama.

Ba cheart, go háirithe, gach beart a bheith iomchuí, riachtanach agus comhréireach d’fhonn a áirithiú go gcomhlíontar an Rialacháin seo, agus aird á tabhairt ar dhálaí gach cáis faoi leith, an ceart atá gach duine chun éisteacht a fháil a urramú sula nglactar aon bheart aonair a dhéanfadh dochar dó nó di agus costais iomarcacha agus míchaoithiúlachtaí thar meán a sheachaint do na daoine lena mbaineann.

Ba cheart cumhachtaí imscrúdaithe a bhaineann le rochtain ar áitreabh a fheidhmiú i gcomhréir le ceanglais shonracha i ndlí nós imeachta Ballstáit, amhail an ceanglas maidir le réamhúdarú breithiúnach a fháil.

Maidir le gach beart a dhéanann an t-údarás maoirseachta atá ceangailteach de réir dlí, ba cheart dó a bheith i scríbhinn agus a bheith soiléir agus gan athbhrí, ba cheart a shonrú leis an t-údarás maoirseachta a d’eisigh an beart agus dáta eisiúna an bhirt, ba cheart é a bheith sínithe ag ceannaire an údaráis mhaoirseachta nó ag comhalta de chuid an údaráis mhaoirseachta arna údarú ag an gceannaire, ba cheart na cúiseanna leis an mbeart a thabhairt, agus ba cheart freisin tagairt a dhéanamh don cheart chun leigheas éifeachtach a fháil.

Níor cheart, leis an méid sin, cosc a chur ar cheanglais bhreise de bhun dlí nós imeachta Ballstáit.

Le cinneadh ceangailteach de réir dlí a ghlacadh, tugtar le tuiscint go bhféadfadh sé a bheith ina chúis le hathbhreithniú breithiúnach i mBallstát an údaráis mhaoirseachta a ghlac an cinneadh.

(129) In order to ensure consistent monitoring and enforcement of this Regulation throughout the Union, the supervisory authorities should have in each Member State the same tasks and effective powers, including powers of investigation, corrective powers and sanctions, and authorisation and advisory powers, in particular in cases of complaints from natural persons, and without prejudice to the powers of prosecutorial authorities under Member State law, to bring infringements of this Regulation to the attention of the judicial authorities and engage in legal proceedings.

Such powers should also include the power to impose a temporary or definitive limitation, including a ban, on processing.

Member States may specify other tasks related to the protection of personal data under this Regulation.

The powers of supervisory authorities should be exercised in accordance with appropriate procedural safeguards set out in Union and Member State law, impartially, fairly and within a reasonable time.

In particular each measure should be appropriate, necessary and proportionate in view of ensuring compliance with this Regulation, taking into account the circumstances of each individual case, respect the right of every person to be heard before any individual measure which would affect him or her adversely is taken and avoid superfluous costs and excessive inconveniences for the persons concerned.

Investigatory powers as regards access to premises should be exercised in accordance with specific requirements in Member State procedural law, such as the requirement to obtain a prior judicial authorisation.

Each legally binding measure of the supervisory authority should be in writing, be clear and unambiguous, indicate the supervisory authority which has issued the measure, the date of issue of the measure, bear the signature of the head, or a member of the supervisory authority authorised by him or her, give the reasons for the measure, and refer to the right of an effective remedy.

This should not preclude additional requirements pursuant to Member State procedural law.

The adoption of a legally binding decision implies that it may give rise to judicial review in the Member State of the supervisory authority that adopted the decision.