Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 105
Íoslódáil PDF

Aithris 105

Recital 105

(105) Seachas na gealltanais idirnáisiúnta a rinne an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta, ba cheart don Choimisiún oibleagáidí a chur san áireamh a eascraíonn as rannpháirtíocht na tríú tíre nó na heagraíochta idirnáisiúnta i gcórais iltaobhacha nó réigiúnacha go háirithe maidir le cosaint sonraí pearsanta, mar aon le cur chun feidhme oibleagáidí den sórt sin.

Ba cheart, go háirithe, aontachas na tríú tíre do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa an 28 Eanáir 1981 maidir le Daoine Aonair a Chosaint i ndáil le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch agus don Phrótacal Forlíontach a ghabhann leis a chur san áireamh.

Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis an mBord agus a leordhóthanaí atá an leibhéal cosanta i dtríú tíortha nó in eagraíochtaí idirnáisiúnta á mheas aige.

(105) Apart from the international commitments the third country or international organisation has entered into, the Commission should take account of obligations arising from the third country’s or international organisation’s participation in multilateral or regional systems in particular in relation to the protection of personal data, as well as the implementation of such obligations.

In particular, the third country’s accession to the Council of Europe Convention of 28 January 1981 for the Protection of Individuals with regard to the Automatic Processing of Personal Data and its Additional Protocol should be taken into account.

The Commission should consult the Board when assessing the level of protection in third countries or international organisations.