Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 138
Íoslódáil PDF

Aithris 138

Recital 138

(138) Ba cheart cur i bhfeidhm sásra den sórt sin a bheith ina choinníoll do dhlíthiúlacht birt a ceapadh chun go mbeadh éifeachtaí dlíthúla ag údarás maoirseachta sna cásanna sin ina bhfuil sé éigeantach an sásra a chur i bhfeidhm.

I gcásanna eile atá ábhartha maidir le gníomhaíochtaí trasteorann, ba cheart an sásra maidir le comhar idir an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineanna a chur i bhfeidhm agus d’fhéadfaí cúnamh frithpháirteach a chur ar fáil agus oibríochtaí comhpháirteacha a chur ar siúl idir na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann ar bhonn déthaobhach nó ar bhonn iltaobhach gan an sásra comhsheasmhachta a chur ag obair.

(138) The application of such mechanism should be a condition for the lawfulness of a measure intended to produce legal effects by a supervisory authority in those cases where its application is mandatory.

In other cases of cross-border relevance, the cooperation mechanism between the lead supervisory authority and supervisory authorities concerned should be applied and mutual assistance and joint operations might be carried out between the supervisory authorities concerned on a bilateral or multilateral basis without triggering the consistency mechanism.