Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 106
Íoslódáil PDF

Aithris 106

Recital 106

(106) Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú na gcinntí ar leibhéal na cosanta i dtríú tír,,i gcríoch nó in earnáil shonraithe i dtríú tír, nó in eagraíocht idirnáisiúnta, agus ba cheart dó faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú cinntí arna nglacadh ar bhonn Airteagal 25(6) nó Airteagal 26(4) de Rialachán 95/46/CE.

Ina chuid cinntí leordhóthanachta, ba cheart don Choimisiún foráil a dhéanamh do shásra maidir le hathbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar a bhfeidhmiú.

Ba cheart an t-athbhreithniú tréimhsiúil sin a dhéanamh i gcomhairle leis an tríú tír nó leis an eagraíocht idirnáisiúnta i dtrácht agus ba cheart gach forbairt ábhartha sa tríú tír nó san eagraíocht idirnáisiúnta a chur san áireamh.

Chun faireachán a dhéanamh agus chun na hathbhreithnithe tréimhsiúla a dhéanamh, ba cheart don Choimisiún machnamh a dhéanamh ar thuairimí agus ar thorthaí Pharlaimint na hEorpa agus ar thuairimí agus ar thorthaí na Comhairle, chomh maith le tuairimí agus torthaí comhlachtaí agus foinsí ábhartha eile.

Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh, laistigh de thréimhse réasúnach ama, ar fheidhmiú na gcinntí sin agus aon torthaí ábhartha a thuairisciú don Choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh.

182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) mar a bhunaítear faoin Rialachán seo, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

(106) The Commission should monitor the functioning of decisions on the level of protection in a third country, a territory or specified sector within a third country, or an international organisation, and monitor the functioning of decisions adopted on the basis of Article 25(6) or Article 26(4) of Directive 95/46/EC.

In its adequacy decisions, the Commission should provide for a periodic review mechanism of their functioning.

That periodic review should be conducted in consultation with the third country or international organisation in question and take into account all relevant developments in the third country or international organisation.

For the purposes of monitoring and of carrying out the periodic reviews, the Commission should take into consideration the views and findings of the European Parliament and of the Council as well as of other relevant bodies and sources.

The Commission should evaluate, within a reasonable time, the functioning of the latter decisions and report any relevant findings to the Committee within the meaning of Regulation (EU) No 182/2011 of the European Parliament and of the Council [12] as established under this Regulation, to the European Parliament and to the Council.

(12) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/AUTO/?uri=OJ:L:2011:055:TOC

[12] Regulation (EU) No 182/2011 of the European Parliament and of the Council of 16 February 2011 laying down the rules and general principles concerning mechanisms for control by Member States of the Commission’s exercise of implementing powers (OJ L 55, 28.2.2011, p. 13). https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/AUTO/?uri=OJ:L:2011:055:TOC