Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 107
Íoslódáil PDF

Aithris 107

Recital 107

(107) Féadfaidh an Coimisiún a aithint nach bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta ar shonraí á áirithiú a thuilleadh i dtríú tír, i gcríoch nó in earnáil shonraithe i dtríú tír, nó in eagraíocht idirnáisiúnta.

Mar gheall air sin, ba cheart aistriú sonraí pearsanta chuig an tríú tír sin nó chuig an eagraíocht idirnáisiúnta sin a thoirmeasc, mura gcomhlíontar na ceanglais sa Rialachán seo a bhaineann le haistrithe atá faoi réir coimircí leordhóthanacha, lena n-áirítear rialacha ceangailteacha corparáídeacha, agus maoluithe i gcomhair staideanna áirithe.

Sa chás sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le comhairliúcháin idir an Coimisiún agus tríú tíortha den sórt sin nó eagraíochtaí idirnáisiúnta den sórt sin.

Ba cheart don Choimisiún, ar bhealach tráthúil, an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta a chur ar an eolas faoi na fáthanna agus dul i gcomhairle léi chun an cor a leigheas.

(107) The Commission may recognise that a third country, a territory or a specified sector within a third country, or an international organisation no longer ensures an adequate level of data protection.

Consequently the transfer of personal data to that third country or international organisation should be prohibited, unless the requirements in this Regulation relating to transfers subject to appropriate safeguards, including binding corporate rules, and derogations for specific situations are fulfilled.

In that case, provision should be made for consultations between the Commission and such third countries or international organisations.

The Commission should, in a timely manner, inform the third country or international organisation of the reasons and enter into consultations with it in order to remedy the situation.