Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 65
Íoslódáil PDF

Aithris 65

Recital 65

(65) Ba cheart an ceart a bheith ag ábhar sonraí go ndéanfaí sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a cheartú agus ba cheart “ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad” a bheith aige nó aici i gcás ina sáraíonn coinneáil sonra pearsanta í den sórt sin an Rialachán seo nó dlí an Aontais nó dlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir.

Ba cheart, go háirithe, é a bheith de cheart ag s ábhar sonraí go léirscriosfaí a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta agus nach ndéanfaí iad a phróiseáil a thuilleadh, mura bhfuil na sonraí pearsanta riachtanach a thuilleadh i ndáil leis na críocha ar chucu a bailíodh iad nó ar chucu a próiseáladh iad ar bhealach eile, i gcás ina dtarraingíonn ábhar sonraí siar a thoiliú nó a toiliú nó ina ndéanann sé nó sí agóid i gcoinne phróiseáil na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi nó i gcás nach gcomhlíonann próiseáil a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta an Rialachán seo ar bhealach eile.

Tá an ceart sin ábhartha go háirithe nuair atá toiliú tugtha ag an ábhar sonraí agus é nó í ina leanbh nach bhfuil láneolach ar na rioscaí a bhaineann leis an bpróiseáil, agus go bhfuil sé nó sí ag iarraidh sonraí pearsanta den sórt sin a bhaint níos moille, go háirithe ón idirlíon.

Ba cheart don ábhar sonraí a bheith in ann an ceart sin a fheidhmiú d’ainneoin nach leanbh é nó í a thuilleadh.

Ba cheart, áfach, é a bheith dleathach na sonraí pearsanta a choinneáil tuilleadh i gcás gur gá sin le haghaidh fheidhmiú an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, le haghaidh oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh, le haghaidh cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoir, ar fhorais a bhaineann le leas an phobail i réimse na sláinte poiblí, chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh, nó chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint.

(65) A data subject should have the right to have personal data concerning him or her rectified and a ‘right to be forgotten’ where the retention of such data infringes this Regulation or Union or Member State law to which the controller is subject.

In particular, a data subject should have the right to have his or her personal data erased and no longer processed where the personal data are no longer necessary in relation to the purposes for which they are collected or otherwise processed, where a data subject has withdrawn his or her consent or objects to the processing of personal data concerning him or her, or where the processing of his or her personal data does not otherwise comply with this Regulation.

That right is relevant in particular where the data subject has given his or her consent as a child and is not fully aware of the risks involved by the processing, and later wants to remove such personal data, especially on the internet.

The data subject should be able to exercise that right notwithstanding the fact that he or she is no longer a child.

However, the further retention of the personal data should be lawful where it is necessary, for exercising the right of freedom of expression and information, for compliance with a legal obligation, for the performance of a task carried out in the public interest or in the exercise of official authority vested in the controller, on the grounds of public interest in the area of public health, for archiving purposes in the public interest, scientific or historical research purposes or statistical purposes, or for the establishment, exercise or defence of legal claims.