Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 52
Íoslódáil PDF

Aithris 52

Recital 52

(52) Ba cheart maolú a cheadú ón toirmeasc ar phróiseáil a dhéanamh ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta freisin i gcás ina bhforáiltear dó sin i ndlí an Aontais nó i ndlí Ballstáit agus faoi réir coimircí oiriúnacha, d’fhonn sonraí pearsanta agus cearta bunúsacha eile a chosaint, i gcás inarb é ar mhaithe le leas an phobail déanamh amhlaidh, go háirithe maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i réimse dhlí na fostaíochta, dhlí na coimirce sóisialta lena n-áirítear pinsin agus ar mhaithe le críocha shlándáil na sláinte, críocha faireacháin agus foláirimh, ar mhaithe le galair theagmhálacha agus bagairtí tromchúiseacha eile ar an tsláinte a chosc nó a rialú.

Féadfar maolú den sórt sin a dhéanamh chun críocha na sláinte, lena n-áirítear an tsláinte phoiblí agus chun críocha bhainistiú na seirbhísí cúraim sláinte, go háirithe chun cáilíocht agus cost-éifeachtúlacht a áirithiú maidir leis na nósanna imeachta a úsáidtear chun éilimh ar shochair agus ar sheirbhísí sa chóras árachais sláinte a réiteach, nó chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch agus stairiúil nó chun críocha staidrimh.

Ba cheart a cheadú le maolú freisin go ndéanfaí sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil i gcás inarb iomchuí maidir le héilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint, cibé acu in imeachtaí breithiúnacha nó i nósanna imeachta riaracháin nó nósanna imeachta lasmuigh den chúirt.

(52) Derogating from the prohibition on processing special categories of personal data should also be allowed when provided for in Union or Member State law and subject to suitable safeguards, so as to protect personal data and other fundamental rights, where it is in the public interest to do so, in particular processing personal data in the field of employment law, social protection law including pensions and for health security, monitoring and alert purposes, the prevention or control of communicable diseases and other serious threats to health.

Such a derogation may be made for health purposes, including public health and the management of health-care services, especially in order to ensure the quality and cost-effectiveness of the procedures used for settling claims for benefits and services in the health insurance system, or for archiving purposes in the public interest, scientific or historical research purposes or statistical purposes.

A derogation should also allow the processing of such personal data where necessary for the establishment, exercise or defence of legal claims, whether in court proceedings or in an administrative or out-of-court procedure.