Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 153
Íoslódáil PDF

Aithris 153

Recital 153

(153) Le dlí Ballstáit, ba cheart réiteach a dhéanamh idir na rialacha lena rialaítear saoirse tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n-áirítear léiriú iriseoireachta, acadúil, ealaíne agus/nó liteartha a nochtadh, agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint de bhun an Rialacháin seo.

Maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críoch iriseoireachta, nó chun críocha léiriú acadúil, ealaíne nó liteartha, agus chun na críocha sin amháin, ba cheart an phróiseáil sin a bheith faoi réir maoluithe nó díolúintí ó fhorálacha áirithe de chuid an Rialacháin seo mas gá chun réiteach a dhéanamh idir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an ceart chun saoirse nochtadh tuairimí agus fáil faisnéise, mar a chumhdaítear in Airteagal 11 den Chairt.

Ba cheart feidhm a bheith aige sin go háirithe maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil sa réimse closamhairc agus i gcartlann nuachta agus leabharlanna preasa.

Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit bearta reachtacha a ghlacadh lena leagtar síos na díolúintí agus na maoluithe a bhfuil gá leo chun cothromaíocht a áirithiú idir na cearta bunúsacha sin.

Ba cheart do na Ballstáit díolúintí agus maoluithe den sórt sin a ghlacadh maidir le prionsabail ghinearálta, le cearta an ábhair sonraí, leis an rialaitheoir agus leis an bpróiseálaí, le haistriú sonraí pearsanta go tríú tíortha nó go heagraíochtaí idirnáisiúnta, leis na húdaráis mhaoirseachta neamhspleácha, le comhar agus comhsheasmhacht, agus le staideanna sonracha próiseála sonraí.

I gcás ina bhfuil díolúintí nó maoluithe den sórt sin éagsúil ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, ba cheart feidhm a bheith ag dlí Ballstáit an Bhallstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir.

Chun an tábhacht a bhaineann leis an gceart chun saoirse nochtadh tuairimí i ngach sochaí dhaonlathach a chur san áireamh, ní mór coincheapa a bhaineann leis an tsaoirse sin, amhail iriseoireacht, a léiriú ar bhonn leathan.

(153) Member States law should reconcile the rules governing freedom of expression and information, including journalistic, academic, artistic and or literary expression with the right to the protection of personal data pursuant to this Regulation.

The processing of personal data solely for journalistic purposes, or for the purposes of academic, artistic or literary expression should be subject to derogations or exemptions from certain provisions of this Regulation if necessary to reconcile the right to the protection of personal data with the right to freedom of expression and information, as enshrined in Article 11 of the Charter.

This should apply in particular to the processing of personal data in the audiovisual field and in news archives and press libraries.

Therefore, Member States should adopt legislative measures which lay down the exemptions and derogations necessary for the purpose of balancing those fundamental rights.

Member States should adopt such exemptions and derogations on general principles, the rights of the data subject, the controller and the processor, the transfer of personal data to third countries or international organisations, the independent supervisory authorities, cooperation and consistency, and specific data-processing situations.

Where such exemptions or derogations differ from one Member State to another, the law of the Member State to which the controller is subject should apply.

In order to take account of the importance of the right to freedom of expression in every democratic society, it is necessary to interpret notions relating to that freedom, such as journalism, broadly.