Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 122
Íoslódáil PDF

Aithris 122

Recital 122

(122) Ba cheart do gach údarás maoirseachta a bheith inniúil ar chríoch a Bhallstáit féin chun na cumhachtaí a thugtar dó agus na cúraimí a chuirtear air a chomhlíonadh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Ba cheart a chumhdach leis sin, go háirithe, an phróiseáil i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí bunaíochta an rialaitheora nó an phróiseálaí ar chríoch a Bhallstáit féin, an phróiseáil ar shonraí pearsanta a dhéanann údaráis phoiblí nó comhlachtaí príobháideacha ag gníomhú dóibh chun leas an phobail, próiseáil lena ndéantar difear d’ábhair sonraí ar a chríoch nó próiseáil a dhéanann rialaitheoir nó próiseálaí nach bhfuil bunaithe san Aontas le linn dó díriú ar na hábhair sonraí atá ina gcónaí ina chríoch.

Ba cheart a áireamh leis sin gearáin arna dtaisceadh ag ábhar sonraí a láimhseáil, imscrúduithe a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus feasacht an phobail a chur chun cinn maidir le rioscaí, rialacha, coimircí agus cearta i ndáil leis an bpróiseáil ar shonraí pearsanta.

(122) Each supervisory authority should be competent on the territory of its own Member State to exercise the powers and to perform the tasks conferred on it in accordance with this Regulation.

This should cover in particular the processing in the context of the activities of an establishment of the controller or processor on the territory of its own Member State, the processing of personal data carried out by public authorities or private bodies acting in the public interest, processing affecting data subjects on its territory or processing carried out by a controller or processor not established in the Union when targeting data subjects residing on its territory.

This should include handling complaints lodged by a data subject, conducting investigations on the application of this Regulation and promoting public awareness of the risks, rules, safeguards and rights in relation to the processing of personal data.