Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 157
Íoslódáil PDF

Aithris 157

Recital 157

(157) Trí fhaisnéis ó chlárlanna a chúpláil, is féidir le taighdeoirí eolas nua a fháil a bhfuil ardluach leis i dtaca le riochtaí sláinte forleathana amhail galar cardashoithíoch, an ailse agus an dúlagar.

Ar bhonn na gclárlann, is féidir torthaí an taighde a fheabhsú, toisc go mbaintear leas as daonra níos mó.

Laistigh den eolaíocht shóisialta, tá taighdeoirí in ann eolas ríthábhachtach a fháil, ó thaighde a dhéantar ar bhonn na gclárlann, faoin gcomhghaolú fadtéarmach atá ag roinnt coinníollacha sóisialta amhail dífhostaíocht agus oideachas mar aon le coinníollacha eile sa saol.

Le torthaí taighde a fhaightear ó chlárlanna, cuirtear dlútheolas ardchaighdeáin ar fáil, ar féidir a bheith mar bhunús chun beartas eolasbhunaithe a fhoirmliú agus a chur chun feidhme, feabhas a chur ar mhianach saoil do líon mór daoine agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht na seirbhísí sóisialta.

D’fhonn taighde eolaíoch a éascú, féadtar sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha taighde eolaíoch, faoi réir coinníollacha iomchuí agus coimircí iomchuí a leagtar amach i ndlí an Aontais nó i ndlí Ballstáit.

(157) By coupling information from registries, researchers can obtain new knowledge of great value with regard to widespread medical conditions such as cardiovascular disease, cancer and depression.

On the basis of registries, research results can be enhanced, as they draw on a larger population.

Within social science, research on the basis of registries enables researchers to obtain essential knowledge about the long-term correlation of a number of social conditions such as unemployment and education with other life conditions.

Research results obtained through registries provide solid, high-quality knowledge which can provide the basis for the formulation and implementation of knowledge-based policy, improve the quality of life for a number of people and improve the efficiency of social services.

In order to facilitate scientific research, personal data can be processed for scientific research purposes, subject to appropriate conditions and safeguards set out in Union or Member State law.