Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 66
Íoslódáil PDF

Aithris 66

Recital 66

(66) Chun neart a chur leis an gceart go ndéanfaí ligean i ndearmad sa timpeallacht ar líne, ba cheart an ceart go ndéanfaí léirscriosadh a leathnú amach freisin chun go mbeadh oibleagáíd ar rialaitheoir a bhfuil na sonraí pearsanta curtha ar fáil go poiblí aige aon naisc chuig na sonraí pearsanta sin, aon chóipeanna díobh agus aon mhacasamhlú orthu a léirscriosadh.

Agus é ag déanamh amhlaidh, ba cheart don rialaitheoir sin bearta réasúnta a dhéanamh, agus an teicneolaíocht atá ar fáil dón rialaitheoir agus na modhanna atá ar fail dó, lena n-áirítear bearta teicniúla, á gcur san áireamh chun rialaitheoirí a phróiseálann sonraí pearsanta den sórt sin a chur ar an eolas faoi iarraidh an ábair sonraí.

(66) To strengthen the right to be forgotten in the online environment, the right to erasure should also be extended in such a way that a controller who has made the personal data public should be obliged to inform the controllers which are processing such personal data to erase any links to, or copies or replications of those personal data.

In doing so, that controller should take reasonable steps, taking into account available technology and the means available to the controller, including technical measures, to inform the controllers which are processing the personal data of the data subject’s request.