Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 126
Íoslódáil PDF

Aithris 126

Recital 126

(126) Ba cheart don phríomhúdarás maoirseachta agus do na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann an cinneadh sin a chomhaontú go comhpháirteach agus ba cheart é a dhíriú ar phríomhbhunaíocht nó ar bhunaíocht aonair an rialaitheora nó an phróiseálaí agus ba cheart é a bheith ceangailteach ar an rialaitheoir agus ar an bpróiseálaí.

Ba cheart don rialaitheoir nó don phróiseálaí na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíontar an Rialachán seo agus go gcuirtear chun feidhme an cinneadh ar thug an príomhúdarás maoirseachta fógra ina leith do phríomhbhunaíocht an rialaitheora nó an phróiseálaí i ndáil leis na gníomhaíochtaí próiseála a dhéantar san Aontas.

(126) The decision should be agreed jointly by the lead supervisory authority and the supervisory authorities concerned and should be directed towards the main or single establishment of the controller or processor and be binding on the controller and processor.

The controller or processor should take the necessary measures to ensure compliance with this Regulation and the implementation of the decision notified by the lead supervisory authority to the main establishment of the controller or processor as regards the processing activities in the Union.