Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 127
Íoslódáil PDF

Aithris 127

Recital 127

(127) Maidir le gach údarás maoirseachta nach bhfeidhmíonn mar an príomhúdarás maoirseachta, ba cheart dó a bheith inniúil chun cásanna áitiúla a láimhseáil, i gcás ina bhfuil an rialaitheoir nó an próiseálaí bunaithe i níos mó ná Ballstát amháin, ach nach mbaineann ábhar an phróiseála shonraigh ach leis an bpróiseáil a dhéantar i mBallstát aonair agus nach mbaineann an phróiseáil ach le hábhair sonraí sa Bhallstát aonair sin, mar shampla, i gcás ina mbaineann an t-ábhar le sonraí pearsanta fostaithe a phróiseáil i gcomhthéacs sonrach fostaíochta Ballstáit.

I gcásanna den sórt sin, ba cheart don údarás maoirseachta an príomhúdarás maoirseachta a chur ar an eolas faoin ábhar gan mhoill.

Tar éis dó a bheith curtha ar an eolas, ba cheart don phríomhúdarás maoirseachta a chinneadh cé acu an ndéanfaidh sé an cás a láimhseáil de bhun na forála maidir le comhar idir an príomhúdarás maoireachta agus an t-údarás maoireachta eile lena mbaineann (“an sásra maidir le hionaid ilfhreastail”), nó ar cheart don údarás maoirseachta a chuir ar an eolas é an cás a láimhseáil ar an leibhéal áitiúil.

Agus cinneadh á dhéanamh an ndéanfaidh sé an cás a láimhseáil, ba cheart don phríomhúdarás maoirseachta a chur san áireamh an bhfuil bunaíocht ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí i mBallstát an údaráis mhaoirseachta a chuir ar an eolas é, d’fhonn forfheidhmiú éifeachtach cinnidh i leith an rialaitheora nó an phróiseálaí a áirithiú.

I gcás ina gcinneann an príomhúdarás maoirseachta go ndéanfaidh sé an cás a láimhseáil, ba cheart an deis a bheith ag an údarás maoirseachta a chuir ar an eolas é dréacht le haghaidh cinnidh a thíolacadh, agus ba cheart don phríomhúdarás maoirseachta lánaird a thabhairt ar an dréacht sin agus a dhréachtchinneadh á ullmhú aige faoi chuimsiú an tsásra sin maidir le hionaid ilfhreastail.

(127) Each supervisory authority not acting as the lead supervisory authority should be competent to handle local cases where the controller or processor is established in more than one Member State, but the subject matter of the specific processing concerns only processing carried out in a single Member State and involves only data subjects in that single Member State, for example, where the subject matter concerns the processing of employees’ personal data in the specific employment context of a Member State.

In such cases, the supervisory authority should inform the lead supervisory authority without delay about the matter.

After being informed, the lead supervisory authority should decide, whether it will handle the case pursuant to the provision on cooperation between the lead supervisory authority and other supervisory authorities concerned (‘one-stop-shop mechanism’), or whether the supervisory authority which informed it should handle the case at local level.

When deciding whether it will handle the case, the lead supervisory authority should take into account whether there is an establishment of the controller or processor in the Member State of the supervisory authority which informed it in order to ensure effective enforcement of a decision vis-à-vis the controller or processor.

Where the lead supervisory authority decides to handle the case, the supervisory authority which informed it should have the possibility to submit a draft for a decision, of which the lead supervisory authority should take utmost account when preparing its draft decision in that one-stop-shop mechanism.