Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 24
Íoslódáil PDF

Aithris 24

Recital 24

(24) An phróiseáil a dhéanann rialaitheoir nó próiseálaí nach bhfuil bunaithe san Aontas ar shonraí pearsanta na n-ábhar sonraí agus atá san Aontas, ba cheart í a bheith faoi réir an Rialacháin seo freisin i gcás ina mbaineann sí le faireachán a dhéantar ar iompar ábhar sonraí den sórt sin a mhéid a tharlaíonn a n-iompar laistigh den Aontas.

Chun a chinneadh an féidir a mheas an ndéanann gníomhaíocht próiseála faireachán ar iompar na n-ábhar sonraí do na sonraí, ba cheart a fháil amach an bhfuil daoine nádúrtha á rianú ar an idirlíon lena n-áirítear úsáid a d’fhéadfaí á baint ina dhiaidh sin as teicníochtaí próiseála sonraí pearsanta, ar teicníochtaí iad lena ndéantar duine nádúrtha a phróifíliú, go háirithe chun cinntí a dhéanamh maidir leis an duine sin nó chun anailís nó tuar a dhéanamh ar shainroghanna, iompar agus dearcadh an duine sin.

(24) The processing of personal data of data subjects who are in the Union by a controller or processor not established in the Union should also be subject to this Regulation when it is related to the monitoring of the behaviour of such data subjects in so far as their behaviour takes place within the Union.

In order to determine whether a processing activity can be considered to monitor the behaviour of data subjects, it should be ascertained whether natural persons are tracked on the internet including potential subsequent use of personal data processing techniques which consist of profiling a natural person, particularly in order to take decisions concerning her or him or for analysing or predicting her or his personal preferences, behaviours and attitudes.