Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 87
Íoslódáil PDF

Aithris 87

Recital 87

(87) Ba cheart a fháil amach an ndearnadh na bearta iomchuí teicneolaíocha cosanta agus na bearta iomchuí eagraíochtúla uile a chur chun feidhme lena suí láithreach an ndearnadh sárú i ndáil le sonraí pearsanta agus chun an t-údarás maoirseachta agus an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas go pras.

Ba cheart a shuí gur tugadh fógra gan aon mhoill mhíchuí agus aird ar leith á tabhairt ar chineál agus ar thromaíocht an tsáraithe i ndáil le sonraí pearsanta agus ar na hiarmhairtí agus ar na héifeachtaí díobhálacha a bhaineann leis don ábhar sonraí.

Féadfaidh idirghabháil ón údarás maoirseachta teacht as fógra den sórt sin i gcomhréir leis na cúraimí sin atá air agus leis na cumhachtaí sin atá aige a leagtar síos sa Rialachán seo.

(87) It should be ascertained whether all appropriate technological protection and organisational measures have been implemented to establish immediately whether a personal data breach has taken place and to inform promptly the supervisory authority and the data subject.

The fact that the notification was made without undue delay should be established taking into account in particular the nature and gravity of the personal data breach and its consequences and adverse effects for the data subject.

Such notification may result in an intervention of the supervisory authority in accordance with its tasks and powers laid down in this Regulation.