Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 60. Comhar idir an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann
Íoslódáil PDF

Airteagal 60 RGCS (GDPR). Comhar idir an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann

1. Comhoibreoidh an príomhúdarás maoirseachta leis na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann i gcomhréir leis an Airteagal seo d’fhonn teacht ar chomhdhearcadh. Déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann an fhaisnéis ábhartha ar fad a mhalartú lena chéile.

2. Féadfaidh an príomhúdarás maoirseachta iarraidh ar údaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann, cúnamh frithpháirteach a thabhairt de bhun Airteagal 61 agus féadfaidh siad oibríochtaí comhpháirteacha de bhun Airteagal 62 a sheoladh, go háirithe chun imscrúduithe a dhéanamh nó chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm beart a bhaineann le rialaitheoir nó le próiseálaí atá bunaithe i gcríoch Bhallstáit eile.

Téacsanna gaolmhara

3. Déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta an fhaisnéis ábhartha maidir leis an tsaincheist a chur in iúl, gan mhoill, do na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann. Cuirfidh sé dréachtchinneadh faoi bhráid na n-údarás maoirseachta eile lena mbaineann gan mhoill chun a dtuairimí a fháil agus tabharfaidh sé aird chuí ar na tuairimí atá acu.

4. I gcás ina gcuirfidh aon cheann de na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann agóid ábhartha réasúnaithe in iúl laistigh de cheithre seachtaine i gcoinne an dréachtchinnidh tar éis don phríomhúdarás dul i gcomhairle leo i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, cuirfidh an príomhúdarás maoirseachta an t-ábhar faoi bhráid an tsásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 63, mura leanann sé an agóid ábhartha agus réasúnaithe nó má mheasann sé nach bhfuil an agóid ábhartha ná réasúnaithe.

5. I gcás inar meabhair leis an bpríomhúdarás maoirseachta an agóid ábhartha agus réasúnaithe atá déanta a leanúint, cuirfidh sé dréachtchinneadh athbhreithnithe faoi bhráid na n-údarás maoirseachta eile lena mbaineann lena dtuairim a fháil. Beidh an dréachtchinneadh athbhreithnithe sin faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear i mír 4 laistigh de thréimhse coicíse.

6. I gcás nach gcuirfidh aon cheann de na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann agóid in aghaidh an dréachtchinnidh a thíolaic an príomhúdarás maoirseachta laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5, measfar go bhfuil an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann ar aon intinn lena chéile maidir leis an dréachtchinneadh sin agus beidh siad faoina cheangal.

7. Glacfaidh an príomhúdarás maoirseachta an cinneadh agus cuirfidh sé é sin in iúl do phríomhbhunaíocht nó do bhunaíocht aonair an rialaitheora nó an phróiseálaí, de réir mar a bheidh, agus cuirfidh sé na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann agus an Bord ar an eolas maidir leis an gcinneadh, lena n-áirítear achoimre ar na fíricí agus ar na forais ábhartha. Cuirfidh an t-údarás maoirseachta ar taisceadh gearán leis an gearánach ar an eolas maidir leis an gcinneadh.

8. De mhaolú ar mhír 7, i gcás ina ndéanfar gearán a dhíbhe nó a dhiúltú, glacfaidh an t-údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis an cinneadh sin agus tabharfaidh sé fógra don ghearánach maidir leis agus cuirfidh sé an rialaitheoir ar an eolas faoi.

9. I gcás ina mbeidh an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann ar aon aigne maidir le codanna de ghearán a dhíbhe nó a dhiúltú, agus gníomhú maidir le codanna eile sa ghearán sin, glacfar cinneadh ar leithligh maidir le gach cuid den ábhar. Glacfaidh an príomhúdarás maoirseachta an cinneadh maidir leis an gcuid a bhaineann le gníomhaíochtaí i ndáil leis an rialaitheoir, cuirfidh sé an méid sin in iúl do phríomhbhunaíocht nó do bhunaíocht aonair an rialaitheora nó an phróiseálaí atá ar chríoch a Bhallstáit féin agus cuirfidh sé an gearánach ar an eolas faoi, agus glacfaidh údarás maoirseachta an ghearánaigh an cinneadh maidir leis an gcuid a bhaineann le díbhe nó le diúltú an ghearáin sin, agus tabharfaidh sé fógra faoi don ghearánach sin, agus cuirfidh sé an rialaitheoir agus an próiseálaí ar an eolas faoi.

10. Tar éis fógra a fháil maidir le cinneadh an phríomhúdaráis mhaoirseachta de bhun mhír 7, agus de bhun mhír 9, déanfaidh an rialaitheoir nó an próiseálaí na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar an cinneadh maidir le gníomhaíochtaí próiseála i gcomhthéacs a bhunaíochtaí go léir san Aontas. Tabharfaidh an rialaitheoir nó an próiseálaí fógra don phríomhúdarás maoirseachta faoi na bearta a ghlacfar chun an cinneadh a chomhlíonadh agus cuirfidh an príomhúdarás sin na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann ar an eolas.

11. In imthosca eisceachtúla ina measfaidh údarás maoirseachta go bhfuil gá práinneach le gníomhú chun leasanna na n-ábhar sonraí a chosaint, beidh feidhm ag an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 66.

12. Cuirfidh an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann an fhaisnéis atá riachtanach faoin Airteagal seo ar fáil dá chéile trí mhodhanna leictreonacha agus bainfear úsáid as formáid chaighdeánaithe chuige sin.

Recitals Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
Recitals

(124) I gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíochta de chuid rialaitheora nó próiseálaithe san Aontas agus i gcás ina bhfuil an rialaitheoir nó an próiseálaí bunaithe i mBallstát amháin nó níos mó, nó i gcás ina ndéanann an phróiseáil a dhéantar i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíocht aonair de chuid rialaitheora nó próiseálaithe difear suntasach do na hábhair sonraí i níos mó ná Ballstát amháin, nó ar dócha go ndéanfaidh sé difear suntasach dóibh, is é an t-údarás maoirseachta do phríomhbhunaíocht an rialaitheora nó an phróiseálaí nó do bhunaíocht aonair an rialaitheora nó an phróiseálaí ar cheart dó gníomhú mar phríomhúdarás. Ba cheart dó comhoibriú leis na húdaráis eile lena mbaineann, toisc go bhfuil bunaíocht ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí ar chríoch a mBallstáit, toisc go ndéantar difear suntasach do na hábhair sonraí a bhfuil cónaí orthu ar a gcríoch, nó toisc gur taisceadh gearán leo. Chomh maith leis sin, i gcás ina bhfuil gearán taiscthe ag ábhar sonraí nach bhfuil cónaí air nó uirthi sa Bhallstát sin, ba cheart an t-údarás maoirseachta, a bhfuil an gearán sin taiscthe leis, a bheith ina údarás maoirseachta lena mbaineann freisin. Mar chuid dá chúraimí treoirlínte a eisiúint maidir le haon cheist lena gcumhdaítear cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart an Bord a bheith in ann treoirlínte a eisiúint, go háirithe maidir leis na critéir a bheidh le cur san áireamh d'fhonn a fháil amach an ndéanann an phróiseáil atá i gceist difear suntasach d'ábhair sonraí i níos mó ná Ballstát amháin agus faoina bhfuil i gceist le hagóid ábhartha réasúnaithe.

(125) Ba cheart don phríomhúdarás a bheith inniúil ar chinntí ceangailteacha a ghlacadh maidir le bearta lena gcuirtear i bhfeidhm na cumhachtaí a thugtar dó i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ina cháil mar phríomhúdarás, ba cheart don údarás maoirseachta dlúthpháirt a thabhairt do na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann agus iad a chomhordú go dlúth sa phróiseas cinnteoireachta. I gcás ina gcinntítear diúltú do ghearán an ábhair sonraí, go hiomlán nó go páirteach, ba cheart don údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis an cinneadh sin a ghlacadh.

(126) Ba cheart don phríomhúdarás maoirseachta agus do na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann an cinneadh sin a chomhaontú go comhpháirteach agus ba cheart é a dhíriú ar phríomhbhunaíocht nó ar bhunaíocht aonair an rialaitheora nó an phróiseálaí agus ba cheart é a bheith ceangailteach ar an rialaitheoir agus ar an bpróiseálaí. Ba cheart don rialaitheoir nó don phróiseálaí na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíontar an Rialachán seo agus go gcuirtear chun feidhme an cinneadh ar thug an príomhúdarás maoirseachta fógra ina leith do phríomhbhunaíocht an rialaitheora nó an phróiseálaí i ndáil leis na gníomhaíochtaí próiseála a dhéantar san Aontas.

(127) Maidir le gach údarás maoirseachta nach bhfeidhmíonn mar an príomhúdarás maoirseachta, ba cheart dó a bheith inniúil chun cásanna áitiúla a láimhseáil, i gcás ina bhfuil an rialaitheoir nó an próiseálaí bunaithe i níos mó ná Ballstát amháin, ach nach mbaineann ábhar an phróiseála shonraigh ach leis an bpróiseáil a dhéantar i mBallstát aonair agus nach mbaineann an phróiseáil ach le hábhair sonraí sa Bhallstát aonair sin, mar shampla, i gcás ina mbaineann an t-ábhar le sonraí pearsanta fostaithe a phróiseáil i gcomhthéacs sonrach fostaíochta Ballstáit. I gcásanna den sórt sin, ba cheart don údarás maoirseachta an príomhúdarás maoirseachta a chur ar an eolas faoin ábhar gan mhoill. Tar éis dó a bheith curtha ar an eolas, ba cheart don phríomhúdarás maoirseachta a chinneadh cé acu an ndéanfaidh sé an cás a láimhseáil de bhun na forála maidir le comhar idir an príomhúdarás maoireachta agus an t-údarás maoireachta eile lena mbaineann (“an sásra maidir le hionaid ilfhreastail”), nó ar cheart don údarás maoirseachta a chuir ar an eolas é an cás a láimhseáil ar an leibhéal áitiúil. Agus cinneadh á dhéanamh an ndéanfaidh sé an cás a láimhseáil, ba cheart don phríomhúdarás maoirseachta a chur san áireamh an bhfuil bunaíocht ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí i mBallstát an údaráis mhaoirseachta a chuir ar an eolas é, d'fhonn forfheidhmiú éifeachtach cinnidh i leith an rialaitheora nó an phróiseálaí a áirithiú. I gcás ina gcinneann an príomhúdarás maoirseachta go ndéanfaidh sé an cás a láimhseáil, ba cheart an deis a bheith ag an údarás maoirseachta a chuir ar an eolas é dréacht le haghaidh cinnidh a thíolacadh, agus ba cheart don phríomhúdarás maoirseachta lánaird a thabhairt ar an dréacht sin agus a dhréachtchinneadh á ullmhú aige faoi chuimsiú an tsásra sin maidir le hionaid ilfhreastail.

(128) Níor cheart feidhm a bheith ag na rialacha maidir leis an bpríomhúdarás maoirseachta ná ag an sásra maidir le hionaid ilfhreastail i gcás inarb iad údaráis phoiblí nó comhlachtaí príobháideacha a dhéanann an phróiseáil ar mhaithe le leas an phobail. I gcásanna den sórt sin, ba cheart gurb é údarás maoirseachta an Bhallstáit ina bhfuil an t-údarás poiblí nó an comhlacht príobháideach bunaithe an t-aon údarás maoirseachta atá inniúil ar na cumhachtaí a thugtar dó a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán sin.

(130) I gcás nach é an príomhúdarás maoirseachta é an t-údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis, ba cheart don phríomhúdarás maoirseachta comhoibriú go dlúth leis an údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis i gcomhréir leis na forálacha maidir le comhar agus comhsheasmhacht a leagtar síos sa Rialachán seo. I gcásanna den sórt sin, ba cheart don phríomhúdarás maoirseachta, agus bearta á ndéanamh aige a cheaptar chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu, lena n-áirítear fíneálacha riaracháin a ghearradh, lánaird a thabhairt ar thuairim an údaráis mhaoirseachta ar taisceadh an gearán leis, ar údarás é ar cheart dó a bheith inniúil i gcónaí aon imscrúdú a dhéanamh ar chríoch a Bhallstáit féin i gcomhar leis an bpríomhúdarás maoirseachta.

(131) I gcás inar cheart d'údarás maoirseachta eile gníomhú mar phríomhúdarás maoirseachta maidir le gníomhaíochtaí próiseála an rialaitheora nó an phróiseálaí ach nach mbaineann ábhar nithiúil gearáin nó an sárú a d'fhéadfadh a bheith ann ach amháin le gníomhaíochtaí próiseála an rialaitheora nó an phróiseálaí sa Bhallstát inar taisceadh an gearán nó inar braitheadh an sárú a d'fhéadfadh a bheith ann agus nach mbíonn éifeacht shuntasach ag an ábhar nó nár dócha go mbeadh éifeacht shuntasach ag an ábhar ar ábhair sonraí i mBallstáit eile, ba cheart don údarás maoirseachta a fhaigheann an gearán nó a bhraitheann staideanna lena bhféadfadh sáruithe ar an Rialachán seo a bheith i gceist, nó a chuirtear ar an eolas ar shlí eile faoi staideanna lena bhféadfadh sáruithe ar an Rialachán a bheith i gceist, réiteach síochánta leis an rialaitheoir a lorg agus, i gcás ina dteipfidh air sin, ba cheart dó réimse iomlán a chumhachtaí a fheidhmiú. Ba cheart a áirithiú leis sin: an phróiseáil shonrach a dhéantar i gcríoch Bhallstáit an údaráis mhaoirseachta nó i ndáil le hábhair sonraí ar chríoch an Bhallstáit sin; an phróiseáil a dhéantar i gcomhthéacs thairiscint earraí nó seirbhísí a dhírítear go sonrach ar ábhair sonraí ar chríoch Bhallstáit an údaráis mhaoirseachta; nó an phróiseáil nach mór a mheasúnú agus na hoibleagáidí ábhartha dlíthiúla faoi dhlí Ballstáit á gcur san áireamh.

Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
[js-disqus]