Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 75. An Rúnaíocht
Íoslódáil PDF

Airteagal 75 RGCS (GDPR). An Rúnaíocht

1. Beidh rúnaíocht ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, a sholáthróidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

2. Déanfaidh an rúnaíocht na cúraimí a bheidh uirthi a chomhlíonadh go heisiach faoi threoracha Chathaoirleach an Bhoird.

3. Foireann sin an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a bheidh bainteach le cur i gcrích na gcúraimí a chuirfear ar an mBord faoin Rialachán seo a chur i gcrích, beidh sí faoi réir línte tuairiscithe ar leithligh seachas na cinn a bheidh ar an bhfoireann a bheidh bainteach le cur i gcrích na gcúraimí a chuirfear ar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

4. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Bord agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, meabhrán tuisceana a bhunú agus a fhoilsiú, lena gcuirfear an tAirteagal seo chun feidhme, lena gcinnteofar téarmaí an chomhair eatarthu, agus a bheidh infheidhme maidir le foireann rúnaíocht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a bheidh bainteach le cur i gcrích na gcúraimí a chuirfear ar an mBord faoin Rialachán seo.

5. Soláthróidh an rúnaíocht tacaíocht anailíseach, riaracháin agus lóistíochúil don Bhord.

6. Beidh freagracht ar an rúnaíocht as an méid seo a leanas, go háirithe:

(a) gnó laethúil an Bhoird;

(b) an chumarsáid idir comhaltaí an Bhoird, a Cathaoirleach agus an Coimisiún;

(c) cumarsáid le hinstitiúidí eile agus leis an bpobal;

(d) úsáid modhanna leictreonacha don chumarsáid inmheánach agus sheachtrach;

(e) faisnéis ábhartha a aistriú;

(f) cruinnithe an Bhoird a ullmhú agus bearta leantacha a dhéanamh i ndáil leo;

(g) tuairimí, cinntí ar réiteach díospóidí idir údaráis mhaoirseachta agus téacsanna eile a ghlacfaidh an Bord a ullmhú, a dhréachtú agus a fhoilsiú.

Recitals Leave a comment
Recitals

(140) Ba cheart do rúnaíocht arna soláthar ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí cúnamh a thabhairt don Bhord. Maidir le foireann an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí atá bainteach leis na cúraimí a thugtar don Bhord leis an Rialachán seo a chur i gcrích, ba cheart di na cúraimí atá uirthi a chomhlíonadh go heisiach faoi threoracha Chathaoirleach an Bhoird agus ba cheart di tuarascáil a chur chuig an gCathaoirleach sin.

Leave a comment
[js-disqus]