Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 98. Athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais maidir le cosaint sonraí
Íoslódáil PDF

Airteagal 98 RGCS (GDPR). Athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais maidir le cosaint sonraí

Déanfaidh an Coimisiún, más iomchuí, tograí reachtacha a thíolacadh d’fhonn leasú a dhéanamh ar ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, d’fhonn cosaint aonfhoirmeach agus comhsheasmhach a áirithiú do dhaoine nádúrtha maidir le próiseáil. Bainfidh an méid sin go háirithe leis na rialacha a bhaineann le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil arna dhéanamh ag institiúidí, ag comhlachtaí agus ag gníomhaireachtaí an Aontais agus le rialacha maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

Recitals Leave a comment
Recitals

(170) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon, leibhéal coibhéiseach cosanta do dhaoine nádúrtha agus saorshreabhadh sonraí pearsanta ar fud an Aontais a áirithiú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

Leave a comment
[js-disqus]