Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 68. An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí
Íoslódáil PDF

Airteagal 68 RGCS (GDPR). An Bord Eorpach um Chosaint Sonraí

1. Bunaítear an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (an “Bord”) leis an Rialachán seo mar chomhlacht de chuid an Aontais agus beidh pearsantacht dhlíthiúil aige.

2. Is é Cathaoirleach an Bhoird a dhéanfaidh ionadaíocht thar a cheann.

3. Ar an mBord, beidh ceannaire ó údarás maoirseachta amháin ó gach Ballstát agus beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, nó a n-ionadaithe faoi seach.

4. I gcás ina mbeidh níos mó ná údarás maoirseachta amháin i mBallstát freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bhforálacha de bhun an Rialacháin seo, ceapfar ionadaí comhpháirteach i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin.

5. Beidh sé de cheart ag an gCoimisiún a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí agus i gcruinnithe an Bhoird ach ní bheidh cead vótála aige. Déanfaidh an Coimisiún ionadaí a ainmniú. Déanfaidh cathaoirleach an Bhoird gníomhaíochtaí an Bhoird sin a chur in iúl don Choimisiún.

6. Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 65, beidh cearta vótála ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir le cinntí a bhaineann leis na prionsabail agus na rialacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a fhreagraíonn go substaintiúil do na cinn sa Rialachán seo, agus maidir leis na cinntí sin amháin.

Téacsanna gaolmhara
Recitals Leave a comment
Recitals

(139) D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo a chur chun cinn, ba cheart an Bord a chur ar bun mar chomhlacht neamhspleách de chuid an Aontais. Chun a chuid cuspóirí a chomhlíonadh, ba cheart pearsantacht dhlítheanach a bheith ag an mBord. Ba cheart do Chathaoirleach an Bhoird ionadaíocht a dhéanamh thar a cheann. Ba cheart don Bhord teacht in ionad na Meithle um Chosaint Daoine Aonair i ndáil le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil a bunaíodh le Treoir 95/46/CE. Ba é ba cheart a bheith ar an mBord ceann údaráis mhaoirseachta ó gach Ballstát agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí nó a n-ionadaithe faoi seach. Ba cheart don Choimisiún páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí an Bhoird gan cearta vótála a bheith aige agus ba cheart cearta sonracha vótála a bheith ag an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí. Ba cheart don Bhord rannchuidiú leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach ar fud an Aontais, lena n-áirítear trí chomhairle a chur ar an gCoimisiún, go háirithe maidir le leibhéal na cosanta i dtríú tíortha nó in eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus trí chomhar idir na húdaráis mhaoirseachta a chur chun cinn ar fud an Aontais. Ba cheart don Bhord gníomhú go neamhspleách agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige.

Leave a comment
[js-disqus]