Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 81. Imeachtaí a chur ar fionraí
Íoslódáil PDF

Airteagal 81 RGCS (GDPR). Imeachtaí a chur ar fionraí

1. I gcás ina mbeidh faisnéis ag cúirt inniúil Ballstáit faoi imeachtaí a bhaineann leis an ábhar céanna i ndáil le próiseáil ag an rialaitheoir céanna nó ag an bpróiseálaí céanna, ar imeachtaí iad atá ar feitheamh i gcúirt i mBallstát eile, rachaidh an chúirt inniúil i dteagmháil leis an gcúirt sin sa Bhallstát eile chun a dhearbhú gurb ann do na himeachtaí sin.

2. I gcás ina mbeidh imeachtaí ar feitheamh i gcúirt i mBallstát eile, ar imeachtaí iad a bhaineann leis an ábhar céanna i ndáil le próiseáil ag an rialaitheoir céanna nó ag an bpróiseálaí céanna, féadfaidh aon chúirt inniúil, seachas an chéad chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair, na himeachtaí sin a chur ar fionraí.

3. I gcás ina mbeidh na himeachtaí sin ar feitheamh ag an gcéad chéim, féadfaidh cúirt ar bith seachas an chéad chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair dlínse a dhiúltú freisin, ar iarratas ó cheann de na páirtithe, má bhíonn dlínse ag an gcéad chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair i leith na gcaingne atá i gceist agus má cheadaíonn a dlí a gcomhdhlúthú.

Recitals Leave a comment
Recitals

(144) I gcás ina bhfuil cúis ag cúirt ar tugadh imeachtaí os a comhair i gcoinne cinneadh ó údarás maoirseachta le creidiúint go bhfuil imeachtaí maidir leis an bpróiseáil chéanna, amhail an t-ábhar céanna maidir le próiseáil ag an rialaitheoir céanna nó ag an bpróiseálaí céanna, nó an chúis chéanna chaingne, á dtabhairt os comhair cúirt inniúil i mBallstát eile, ba cheart di dul i dteagmháil leis an gcúirt sin le dearbhú go bhfuil imeachtaí gaolmhara den sórt sin ann. Más rud é go bhfuil imeachtaí gaolmhara ar feitheamh os comhair cúirt i mBallstát eile, féadfaidh aon chúirt seachas an chéad chúirt ar tugadh os a comhair iad bac a chur ar a himeachtaí nó féadfaidh sí, arna iarraidh sin ag ceann de na páirtithe, dlínse a dhiúltú i bhfabhar na chéad chúirte sin ar tugadh imeacht os a comhair más rud é go bhfuil dlínse i leith na n-imeachtaí atá i gceist ag an gcúirt sin agus go gceadaítear faoina dlí imeachtaí gaolmhara den sórt sin a chomhdhlúthú. Meastar imeachtaí a bheith gaolmhar má bhíonn baint chomh dlúth sin acu le chéile go bhfuil sé fóirsteanach iad a éisteacht agus breith a thabhairt orthu i dteannta a chéile chun an baol a sheachaint go dtabharfaí breithiúnais bunoscionn le chéile dá mbeadh imeachtaí ar leithligh ann.

Leave a comment
[js-disqus]