Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 84. Pionóis
Íoslódáil PDF

Airteagal 84 RGCS (GDPR). Pionóis

1. Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis eile is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo, go hairithe sáruithe nach bhfuil faoi réir fínealacha ariaracháin de bhun Airteagal 83, agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Téacsanna gaolmhara

2. Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin ina dhlí atá á nglacadh aige de bhun mhír 1, faoin 25 Bealtaine 2018 agus, tabharfaidh sé fógra freisin gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear do na forálacha sin.

Recitals Leave a comment
Recitals

(149) Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann na rialacha maidir le pionóis choiriúla a leagan síos do sháruithe ar an Rialachán seo, lena n-áirítear do sháruithe ar rialacha náisiúnta a ghlactar de bhun an Rialacháin seo agus laistigh de theorainneacha an Rialacháin seo. Féadfar ceadú faoi na pionóis choiriúla sin freisin go gcaillfear na brabúis a fhaightear trí sháruithe ar an Rialachán seo. Níor cheart, áfach, gurb é an toradh a bheadh ar phionóis choiriúla a fhorchur le haghaidh sáruithe ar rialacha náisiúnta den sórt sin agus a bheadh ar phionóis riaracháin a fhorchur go sárófaí prionsabal ne bis in idem, mar a léiríonn an Chúirt Bhreithiúnais é.

(152) I gcás nach ndéanann an Rialachán seo pionóis riaracháin a chomhchuibhiú nó nuair is gá i gcásanna eile, mar shampla i gcásanna sáruithe tromchúiseacha ar an Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit córas a chur chun feidhme a dhéanfadh foráil do phionóis a bheadh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ba cheart cineál pionós den sórt sin, bíodh siad mar phionóis choiriúla nó mar phionóis riaracháin, a chinneadh faoi dhlí Ballstáit.

Leave a comment
[js-disqus]