Navigation
GDPR > Aithris 125
Download PDF

Aithris 125

(125) Ba cheart don phríomhúdarás a bheith inniúil ar chinntí ceangailteacha a ghlacadh maidir le bearta lena gcuirtear i bhfeidhm na cumhachtaí a thugtar dó i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Ina cháil mar phríomhúdarás, ba cheart don údarás maoirseachta dlúthpháirt a thabhairt do na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann agus iad a chomhordú go dlúth sa phróiseas cinnteoireachta.

I gcás ina gcinntítear diúltú do ghearán an ábhair sonraí, go hiomlán nó go páirteach, ba cheart don údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis an cinneadh sin a ghlacadh.