Suunnistus
GDPR > Aithris 124
Lataa PDF

Aithris 124

(124) I gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíochta de chuid rialaitheora nó próiseálaithe san Aontas agus i gcás ina bhfuil an rialaitheoir nó an próiseálaí bunaithe i mBallstát amháin nó níos mó, nó i gcás ina ndéanann an phróiseáil a dhéantar i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíocht aonair de chuid rialaitheora nó próiseálaithe difear suntasach do na hábhair sonraí i níos mó ná Ballstát amháin, nó ar dócha go ndéanfaidh sé difear suntasach dóibh, is é an t-údarás maoirseachta do phríomhbhunaíocht an rialaitheora nó an phróiseálaí nó do bhunaíocht aonair an rialaitheora nó an phróiseálaí ar cheart dó gníomhú mar phríomhúdarás.

Ba cheart dó comhoibriú leis na húdaráis eile lena mbaineann, toisc go bhfuil bunaíocht ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí ar chríoch a mBallstáit, toisc go ndéantar difear suntasach do na hábhair sonraí a bhfuil cónaí orthu ar a gcríoch, nó toisc gur taisceadh gearán leo.

Chomh maith leis sin, i gcás ina bhfuil gearán taiscthe ag ábhar sonraí nach bhfuil cónaí air nó uirthi sa Bhallstát sin, ba cheart an t-údarás maoirseachta, a bhfuil an gearán sin taiscthe leis, a bheith ina údarás maoirseachta lena mbaineann freisin.

Mar chuid dá chúraimí treoirlínte a eisiúint maidir le haon cheist lena gcumhdaítear cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart an Bord a bheith in ann treoirlínte a eisiúint, go háirithe maidir leis na critéir a bheidh le cur san áireamh d’fhonn a fháil amach an ndéanann an phróiseáil atá i gceist difear suntasach d’ábhair sonraí i níos mó ná Ballstát amháin agus faoina bhfuil i gceist le hagóid ábhartha réasúnaithe.