Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 63. An sásra comhsheasmhachta
Íoslódáil PDF

Airteagal 63 RGCS (GDPR). An sásra comhsheasmhachta

D’fhonn rannchuidiú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo ar fud an Aontais, rachaidh na húdaráis mhaoirseachta i gcomhar lena chéile agus, i gcás inarb ábhartha, leis an gCoimisiún, trí bhíthin an tsásra comhsheasmhachta mar a leagtar amach sa Roinn seo.

Recitals Leave a comment
Recitals

(135) Chun a áirithiú go gcuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud an Aontais, ba cheart sásra comhsheasmhachta le haghaidh comhar idir na húdaráis mhaoirseachta a bhunú. Ba cheart feidhm a bheith ag an sásra sin go háirithe i gcás ina mbeartaíonn údarás maoirseachta beart a ghlacadh a cheaptar chun éifeachtaí dlíthiúla a bheith aige maidir le hoibríochtaí próiseála lena ndéantar difear substaintiúil do líon suntasach ábhar sonraí i mBallstáit éagsúla. Ba cheart feidhm a bheith aige freisin i gcás ina n-iarrann aon údarás maoirseachta lena mbaineann nó an Coimisiún go ndéanfaíábhar den sórt a láimhseáil sin faoi chuimsiú an tsásra comhsheasmhachta. Ba cheart an sásra sin a bheith gan dochar d'aon bhearta a fhéadfaidh an Coimisiún a dhéanamh i bhfeidhmiú a chumhachtaí faoi na Conarthaí.

(138) Ba cheart cur i bhfeidhm sásra den sórt sin a bheith ina choinníoll do dhlíthiúlacht birt a ceapadh chun go mbeadh éifeachtaí dlíthúla ag údarás maoirseachta sna cásanna sin ina bhfuil sé éigeantach an sásra a chur i bhfeidhm. I gcásanna eile atá ábhartha maidir le gníomhaíochtaí trasteorann, ba cheart an sásra maidir le comhar idir an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineanna a chur i bhfeidhm agus d'fhéadfaí cúnamh frithpháirteach a chur ar fáil agus oibríochtaí comhpháirteacha a chur ar siúl idir na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann ar bhonn déthaobhach nó ar bhonn iltaobhach gan an sásra comhsheasmhachta a chur ag obair.

Leave a comment
[js-disqus]