Navigacija
GDPR > Aithris 128
Preuzmite PDF

Aithris 128

(128) Níor cheart feidhm a bheith ag na rialacha maidir leis an bpríomhúdarás maoirseachta ná ag an sásra maidir le hionaid ilfhreastail i gcás inarb iad údaráis phoiblí nó comhlachtaí príobháideacha a dhéanann an phróiseáil ar mhaithe le leas an phobail.

I gcásanna den sórt sin, ba cheart gurb é údarás maoirseachta an Bhallstáit ina bhfuil an t-údarás poiblí nó an comhlacht príobháideach bunaithe an t-aon údarás maoirseachta atá inniúil ar na cumhachtaí a thugtar dó a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán sin.