Nascleanúint
Íoslódáil PDF

Aithris 5

(5) Méadaíodh na sreabha trasteorann sonraí pearsanta go mór mar gheall ar an gcomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a tharla mar thoradh ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Tá méadú tagtha ar an méid sonraí pearsanta a mhalartaítear idir gníomhaithe poiblí agus príobháideacha, lena n-áirítear daoine nádúrtha, comhlachais agus gnóthais ar fud an Aontais.

Le dlí an Aontais iarrtar ar údaráis náisiúnta sna Ballstáit dul i gcomhar lena chéile agus sonraí pearsanta a mhalartú le go bhféadfaidh siad a ndualgais a chomhlíonadh nó cúraimí a dhéanamh thar ceann údarás i mBallstát eile.