Nascleanúint
Íoslódáil PDF

Aithris 6

(6) Tá forbairtí meara teicneolaíocha agus an domhandú tar éis dúshláin nua a chruthú do chosaint sonraí pearsanta.

Tá méadú suntasach tagtha ar bhailiú agus ar chomhroinnt sonraí pearsanta.

A bhuí leis an teicneolaíocht, is féidir le cuideachtaí príobháideacha agus le húdaráis phoiblí araon sonraí pearsanta a úsáid ar scála níos mó ná riamh roimhe chun a gcuid gníomhaíochtaí a shaothrú.

Tá méadú ag teacht i gcónaí ar an méid faisnéise pearsanta a chuireann daoine nádúrtha ar fáil go poiblí agus ar fud an domhain.

Tá an geilleagar agus ár saol sóisialta araon athraithe ó bhonn ag an teicneolaíocht agus ba cheart, leis an teicneolaíocht, an saorshreabhadh sonraí laistigh den Aontas agus aistriú sonraí pearsanta go tríú tíortha agus go heagraíochtaí idirnáisiúnta a éascú tuilleadh freisin, agus ardleibhéal cosanta maidir le sonraí pearsanta á áirithiú ag an am céanna.