Nascleanúint
Íoslódáil PDF

Aithris 4

(4) Ba cheart an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a cheapadh ar chaoi agus go rachadh sí chun leas an duine.

Ní ceart glan é an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint; ní mór é a mheas i bhfianaise na feidhme atá aige sa tsochaí agus é a chothromú i gcoinne cearta bunúsacha eile, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta.

Sa Rialachán seo urramaítear na cearta bunúsacha uile agus comhlíontar na saoirsí agus na prionsabail a aithnítear sa Chairt mar a chumhdaítear sna Conarthaí iad, go háirithe urraim ar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh, ar an áit chónaithe agus ar chumarsáidí, urraim ar chosaint sonraí pearsanta do dhéanamh, an tsaoirse smaoinimh, coinsiasa agus reiligiúin, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun leigheas éifeachtach agus chun triail chóir a fháil, agus an ceart i leith éagsúlacht chultúrtha, reiligiúnach agus teanga.