Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 74. Cúraimí an Chathaoirligh
Íoslódáil PDF

Airteagal 74 RGCS (GDPR). Cúraimí an Chathaoirligh

1. Is iad na cúraimí seo a leanas a bheidh ar an gcathaoirleach:

(a) cruinnithe an Bhoird a thionól agus a chlár oibre a ullmhú;

(b) cinntí a ghlac an Bord de bhun Airteagal 65 a chur in iúl don phríomhúdarás maoirseachta agus do na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann;

Téacsanna gaolmhara

(c) feidhmiú tráthúil chúraimí an Bhoird a áirithiú, go háirithe i ndáil leis an sásra comhsheasmhachta dá dtagraítear in Airteagal 65.

Téacsanna gaolmhara

2. Déanfaidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí leithroinnt na gcúraimí idir an cathaoirleach agus na leaschathaoirligh a leagadh síos ina rialacha nós imeachta.