Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 56. Inniúlacht an príomhúdaráis mhaoirseachta
Íoslódáil PDF

Airteagal 56 RGCS (GDPR). Inniúlacht an príomhúdaráis mhaoirseachta

1. Gan dochar d’Airteagal 51, beidh údarás maoirseachta na príomhbhunaíochta nó na bunaíochta aonair de chuid an rialaitheora nó de chuid an phróiseálaí inniúil chun gníomhú mar phríomhúdarás maoirseachta ar an bpróiseáil trasteorann arna déanamh ag an rialaitheoir sin nó ag an bpróiseálaí sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 60.

Téacsanna gaolmhara

2. De mhaolú ar mhír 1, beidh gach údarás maoirseachta inniúil chun gearán a láimhseáil arna thaisceadh leis nó sárú ionchasach ar an Rialachán seo, má bhaineann ábhar an cháis le bunaíocht sa Bhallstát dá chuid agus léi sin amháin nó má tá éifeacht shubstainteach aige sin ar ábhair sonraí ina Bhallstát agus sa Bhallstát sin amháin.

3. Sna cásanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, cuirfidh an t-údarás maoirseachta an príomhúdarás maoirseachta ar an eolas faoin ábhar sin gan mhoill. Laistigh de thréimhse trí seachtaine tar éis dó a bheith curtha ar an eolas, déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta cinneadh cibé acu an ndéanfaidh sé an cás a láimhseáil nó nach ndéanfaidh i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 60, agus é á chur san áireamh cibé acu an bhfuil bunaíocht ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí i mBallstát an údaráis mhaoirseachta a chuir ar an eolas é nó nach bhfuil.

Téacsanna gaolmhara

4. I gcás ina gcinnfidh an príomhúdarás maoirseachta an cás a láimhseáil, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 54a. Féadfaidh an t-údarás maoirseachta a chuir an príomhúdarás maoirseachta ar an eolas dréacht le haghaidh cinnidh a chur faoi bhráid an phríomhúdaráis mhaoirseachta sin. Déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta an dréacht sin a chur san áireamh go hiomlán agus an dréachtchinneadh dá dtagraítear in Airteagal 60(3) á ullmhú aige.

Téacsanna gaolmhara

5. I gcás ina gcinnfidh an príomhúdarás maoirseachta gan an cás a láimhseáil, láimhseálfaidh an t-údarás maoirseachta a chuir an príomhúdarás maoirseachta ar an eolas an cás de réir Airteagal 61 agus Airteagal 62.

6. Is é an príomhúdarás maoirseachta amháin a bheidh ina idirghabhálaí leis an rialaitheoir nó leis an bpróiseálaí i ndáil le próiseáil trasteorann arna déanamh ag an rialaitheoir sin nó ag an bpróiseálaí sin.

Recitals Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
Recitals

(36) Ba cheart gurb é an áit a bhfuil a riarachán lárnach san Aontas ag rialaitheoir príomhbhunaíocht an rialaitheora san Aontas, murar i mbunaíocht eile de chuid an rialaitheora san Aontas a ghlactar na cinntí maidir le críocha agus modhanna phróiseáil na sonraí pearsanta, agus sa chás sin ba cheart an bhunaíocht eile sin a mheas mar an phríomhbhunaíocht. Ba cheart príomhbhunaíocht de chuid rialaitheora san Aontas a chinneadh de réir critéir oibiachtúla agus, tríd an gcinneadh sin, ba cheart a thabhairt le tuiscint gur inti a dhéantar feidhmiú éifeachtach agus iarbhír na ngníomhaíochtaí bainistíochta lena ndéantar na príomhchinntí maidir le críocha agus modhanna na próiseála trí shocruithe cobhsaí. Níor cheart don chritéar sin a bheith ag brath ar cibé an ndéantar an phróiseáil ar shonraí pearsanta ag an áit sin. Má tá modhanna teicniúla agus teicneolaíochtaí ann agus in úsáid chun sonraí pearsanta a phróiseáil nó chun gníomhaíochtaí próiseála a dhéanamh, ní hionann sin is a rá gur príomhbhunaíocht an áit sin agus, dá bhrí sin, ní critéir chinntitheacha iad sin maidir le príomhbhunaíocht. Ba cheart an áit ina bhfuil a riarachán lárnach san Aontas príomhbhunaíocht an phróiseálaí nó, mura bhfuil aon riarachán lárnach aige san Aontas, ba cheart gurbh í an áit ina ndéantar na príomhghníomhaíochtaí próiseála san Aontas. I gcásanna a bhaineann leis an rialaitheoir agus leis an bpróiseálaí araon, ba cheart gurb é an príomhúdarás inniúil maoirseachta i gcónaí údarás maoirseachta an Bhallstáit ina bhfuil a phríomhbhunaíocht ag an rialaitheoir, ach ba cheart údarás maoirseachta an phróiseálaí a mheas mar údarás maoirseachta lena mbaineann agus ba cheart don údarás maoirseachta sin a bheith rannpháirteach sa nós imeachta comhair dá bhforáiltear sa Rialachán seo. In aon chás, níor cheart údaráis mhaoirseachta an Bhallstáit nó na mBallstát ina bhfuil bunaíocht amháin nó níos mó ag an bpróiseálaí a mheas mar na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann. I gcás inar leis an rialaitheoir amháin a bhaineann an dréachtchinneadh. I gcás ina ndéanann grúpa gnóthas an phróiseáil, ba cheart príomhbhunaíocht an ghnóthais rialaithigh a mheas mar phríomhbhunaíocht an ghrúpa gnóthas, seachas i gcás ina gcinneann gnóthas eile na críocha agus na modhanna próiseála.

(124) I gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíochta de chuid rialaitheora nó próiseálaithe san Aontas agus i gcás ina bhfuil an rialaitheoir nó an próiseálaí bunaithe i mBallstát amháin nó níos mó, nó i gcás ina ndéanann an phróiseáil a dhéantar i gcomhthéacs gníomhaíochtaí bunaíocht aonair de chuid rialaitheora nó próiseálaithe difear suntasach do na hábhair sonraí i níos mó ná Ballstát amháin, nó ar dócha go ndéanfaidh sé difear suntasach dóibh, is é an t-údarás maoirseachta do phríomhbhunaíocht an rialaitheora nó an phróiseálaí nó do bhunaíocht aonair an rialaitheora nó an phróiseálaí ar cheart dó gníomhú mar phríomhúdarás. Ba cheart dó comhoibriú leis na húdaráis eile lena mbaineann, toisc go bhfuil bunaíocht ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí ar chríoch a mBallstáit, toisc go ndéantar difear suntasach do na hábhair sonraí a bhfuil cónaí orthu ar a gcríoch, nó toisc gur taisceadh gearán leo. Chomh maith leis sin, i gcás ina bhfuil gearán taiscthe ag ábhar sonraí nach bhfuil cónaí air nó uirthi sa Bhallstát sin, ba cheart an t-údarás maoirseachta, a bhfuil an gearán sin taiscthe leis, a bheith ina údarás maoirseachta lena mbaineann freisin. Mar chuid dá chúraimí treoirlínte a eisiúint maidir le haon cheist lena gcumhdaítear cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart an Bord a bheith in ann treoirlínte a eisiúint, go háirithe maidir leis na critéir a bheidh le cur san áireamh d'fhonn a fháil amach an ndéanann an phróiseáil atá i gceist difear suntasach d'ábhair sonraí i níos mó ná Ballstát amháin agus faoina bhfuil i gceist le hagóid ábhartha réasúnaithe.

(125) Ba cheart don phríomhúdarás a bheith inniúil ar chinntí ceangailteacha a ghlacadh maidir le bearta lena gcuirtear i bhfeidhm na cumhachtaí a thugtar dó i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ina cháil mar phríomhúdarás, ba cheart don údarás maoirseachta dlúthpháirt a thabhairt do na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann agus iad a chomhordú go dlúth sa phróiseas cinnteoireachta. I gcás ina gcinntítear diúltú do ghearán an ábhair sonraí, go hiomlán nó go páirteach, ba cheart don údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis an cinneadh sin a ghlacadh.

Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
[js-disqus]