Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 2. Raon feidhme ábhartha
Íoslódáil PDF

Airteagal 2 RGCS (GDPR). Raon feidhme ábhartha

1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil go hiomlán nó go páirteach trí mhodhanna uathoibrithe, agus maidir le sonraí pearsanta, ar cuid de chóras comhdúcháin iad nó atá beartaithe a bheith ina gcuid de chóras comhdúcháin, a phróiseáil trí mhodhanna eile seachas modhanna uathoibrithe.

Tráchtaireacht

(EN) This article limits the scope of the GDPR. The European legislators have decided not to burden the majority of the population with numerous rules in the household and private life. They removed from the Regulation the processes of processing that do not pose a big threat (not automated processing where personal data is not collected in the system).

The combination “automated means” covers primarily…

(EN) […]


to read the full text

(EN) Author
Siarhei Varankevich
(EN) Siarhei Varankevich CIPP/E, CIPM, CIPT, MBA, FIP
FIP_IAPP
(EN) Co-Founder & CEO of Data Privacy Office LLC. Data Protection Trainer and Principal Consultant
Dlí Treoirlínte & Cásanna Recitals

(15) Chun nach gcruthófaí riosca tromchúiseach go dtarlódh imchéimniú, ba cheart daoine nádúrtha a chosaint ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus níor cheart don chosaint sin a bheith ag brath ar na teicníochtaí atá in úsáid; dá ndéanfaí a mhalairt,. Ba cheart daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil trí mhodhanna uathoibrithe agus de láimh, sa chás ina bhfuil na sonraí pearsanta á gcoinneáil i gcóras comhdúcháin nó má tá sé i gceist na sonraí a choinneáil i gcóras den sórt sin. Níor cheart do chomhaid nó do shraitheanna de chomhaid mar aon lena leathanaigh chumhdaigh, nach bhfuil struchtúraithe de réir critéir shonracha, teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

2. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil sna cásanna seo a leanas:

(a) má dhéantar an phróiseáil mar chuid de ghníomhaíocht nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais;

Recitals

(16) Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le saincheisteanna i ndáil le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha a chosaint ná ar shaorshreabhadh sonraí pearsanta a bhaineann le gníomhaíochtaí nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais, amhail gníomhaíochtaí a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an bpróiseáil a dhéanann na Ballstáit ar shonraí pearsanta agus iad i mbun gníomhaíochtaí a bhaineann le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais.

(b) má dhéanann na Ballstáit an phróiseáil agus iad i mbun gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 2 de Theideal V CAE;

(c) má dhéanann duine nádúrtha an phróiseáil agus an duine sin i mbun gníomhaíocht atá de chineál pearsanta nó de chineál tís amháin;

Dlí Treoirlínte & Cásanna Recitals

(18) Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an bpróiseáil a dhéanann duine nádúrtha ar shonraí pearsanta le linn gníomhaíocht de chineál pearsanta nó de chineál tís amháin, is é sin próiseáil nach bhfuil aon nasc aici le gníomhaíocht ghairmiúil ná le gníomhaíocht tráchtála. D'fhéadfaí a áireamh ar ghníomhaíochtaí pearsanta nó ar ghníomhaíochtaí tís comhfhreagras agus coinneáil seoltaí, nó líonrú sóisialta agus gníomhaíocht ar líne a dhéantar i gcomhthéacs gníomhaíochtaí den sórt sin. Tá feidhm ag an Rialachán seo, áfach, maidir le rialaitheoirí nó próiseálaithe a sholáthraíonn an modh chun sonraí pearsanta a phróiseáil le haghaidh gníomhaíochtaí pearsanta nó gníomhaíochtaí tís den sórt sin.

(d) má dhéanann údaráis inniúla an phróiseáil ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó ar mhaithe le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin.

Recitals

(19) Maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, tá an chosaint sin agus an tsaorghluaiseacht sin faoi réir gníomh dlí sonrach de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gníomhaíochtaí próiseála a dhéantar chun na gcríoch sin. Mar sin féin, aon sonraí pearsanta a phróiseálann údaráis phoiblí faoin Rialachán seo, nuair a úsáidtear iad chun na gcríoch sin, ba cheart iad a rialú le gníomh dlí is sonraí de chuid an Aontais, eadhon Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Féadfaidh na Ballstáit cúraimí eile a thabhairt d'údaráis inniúla de réir bhrí Threoir (AE) 2016/680, ar cúraimí iad nach gá a chur i gcrích chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-airítear chun coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc, ionas go mbeidh na sonraí pearsanta a phróiseáiltear chun na gcríoch eile sin, sa mhéid go bhfuil sí faoi raon feidhme dhlí an Aontais, faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

I gcás na próiseála a dhéanann na húdaráis inniúla sin ar shonraí pearsanta chun críocha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann forálacha níos sonraí a choimeád nó a thabhairt isteach chun cur i bhfeidhm na rialacha a bhaineann leis an Rialachán seo a chur in oiriúint. Féadfar ceanglais níos cruinne agus níos sonraí a chinneadh le forálacha den sórt sin don phróiseáil a dhéanann na húdaráis inniúla sin ar shonraí pearsanta chun na gcríoch eile sin, agus struchtúr bunreachtúil, eagraíochtúil agus riaracháin an Bhallstáit faoi leith á chur san áireamh. I gcás ina dtagann an phróiseáil a dhéanann comhlachtaí príobháideacha ar shonraí pearsanta faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo go bhféadfaidh na Ballstáit, faoi choinníollacha sonracha, srian a chur, de réir dlí, le hoibleagáidí áirithe agus le cearta áirithe nuair is beart riachtanach, comhréireach é srian den sórt sin, i sochaí dhaonlathach, chun leasanna sonracha tábhachtacha, lena n-áirítear an tslándáil phoiblí, a choimirciú, agus chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc. Tá an méid sin ábhartha, cuir i gcás, i gcreat an chomhraic i gcoinne sciúradh airgid nó i gcomhthéacs gníomhaíochtaí saotharlann fóiréinseach.

(7) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghnoimhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (féach leathanach 89 den Iris Oifigiúil seo)

3. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, ag comhlachtaí, ag oifigí agus ag gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais atá infheidhme maidir leis an bpróiseáil sin, déanfar iad a chur in oiriúint do phrionsabail agus do rialacha an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 98.

Recitals

(17) Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus na gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis an bpróiseáil sin ar shonraí pearsanta a chur in oiriúint do na prionsabail agus do na rialacha a bhunaítear sa Rialachán seo agus a chur i bhfeidhm i bhfianaise an Rialacháin seo. D'fhonn creat láidir, comhtháite cosanta sonraí a chur ar fáil san Aontas, ba cheart na hoiriúnuithe riachtanacha ar Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a dhéanamh tar éis an Rialachán seo a ghlacadh, d'fhonn go bhféadfar iad a chur i bhfeidhm i gcomhthráth leis an Rialachán seo.

(6) Rialachán (CE) Uimh.45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1). https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/AUTO/?uri=OJ:L:2001:008:TOC

(172) Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug sé tuairim an 7 Márta 2012 (17).

4. Is gan dochar an Rialachán seo do chur i bhfeidhm Threoir 2000/31/CE, go háirithe maidir leis na rialacha dliteanais a bhaineann le soláthraithe idirmheánacha seirbhíse in Airteagal 12 go hAirteagal 15 den Treoir sin.

Recitals

(21) Is gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) an Rialachán seo, go háirithe maidir le rialacha dliteanais na soláthraithe seirbhíse idirmheánacha in Airteagal 12 go hAirteagal 15 den Treoir sin. Féachtar leis an Treoir sin cur le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí shaorghluaiseacht sheirbhísí na Sochaí Faisnéise a áirithiú idir Ballstáit.

(8) Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“an Treoir um thrádáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1). https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/AUTO/?uri=OJ:L:2000:178:TOC

Tráchtaireacht Recitals Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
Tráchtaireacht

(EN)

Article 2 of the GDPR limits its scope and excludes many common situations from the obligation to comply with the law. European legislators decided not to impose numerous rules on most individuals within their household and private lives. They excluded …

(EN) […]


to read the full text

Siarhei Varankevich
(EN) Siarhei Varankevich CIPP/E, CIPM, CIPT, MBA, FIP
FIP_IAPP
(EN) Co-Founder & CEO of Data Privacy Office LLC. Data Protection Trainer and Principal Consultant
Recitals

(14) Ba cheart feidhm a bheith ag an gcosaint a bhfuil foráil déanta ina leith sa Rialachán seo maidir le daoine nádúrtha, is cuma cén náisiúntacht atá acu nó cén áit a bhfuil cónaí orthu, i ndáil leis an bpróiseáil a dhéantar ar a sonraí pearsanta. Ní chumhdaítear leis an Rialachán seo an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann le daoine dlítheanacha agus go háirithe le gnóthais a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil acu, lena n-áirítear ainm agus foirm an duine dhlítheanaigh agus sonraí teagmhála an duine dhlítheanaigh.

(15) Chun nach gcruthófaí riosca tromchúiseach go dtarlódh imchéimniú, ba cheart daoine nádúrtha a chosaint ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus níor cheart don chosaint sin a bheith ag brath ar na teicníochtaí atá in úsáid; dá ndéanfaí a mhalairt,. Ba cheart daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil trí mhodhanna uathoibrithe agus de láimh, sa chás ina bhfuil na sonraí pearsanta á gcoinneáil i gcóras comhdúcháin nó má tá sé i gceist na sonraí a choinneáil i gcóras den sórt sin. Níor cheart do chomhaid nó do shraitheanna de chomhaid mar aon lena leathanaigh chumhdaigh, nach bhfuil struchtúraithe de réir critéir shonracha, teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(16) Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le saincheisteanna i ndáil le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha a chosaint ná ar shaorshreabhadh sonraí pearsanta a bhaineann le gníomhaíochtaí nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais, amhail gníomhaíochtaí a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an bpróiseáil a dhéanann na Ballstáit ar shonraí pearsanta agus iad i mbun gníomhaíochtaí a bhaineann le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais.

(17) Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus na gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis an bpróiseáil sin ar shonraí pearsanta a chur in oiriúint do na prionsabail agus do na rialacha a bhunaítear sa Rialachán seo agus a chur i bhfeidhm i bhfianaise an Rialacháin seo. D'fhonn creat láidir, comhtháite cosanta sonraí a chur ar fáil san Aontas, ba cheart na hoiriúnuithe riachtanacha ar Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a dhéanamh tar éis an Rialachán seo a ghlacadh, d'fhonn go bhféadfar iad a chur i bhfeidhm i gcomhthráth leis an Rialachán seo.

(6) Rialachán (CE) Uimh.45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1). https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/AUTO/?uri=OJ:L:2001:008:TOC

(18) Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an bpróiseáil a dhéanann duine nádúrtha ar shonraí pearsanta le linn gníomhaíocht de chineál pearsanta nó de chineál tís amháin, is é sin próiseáil nach bhfuil aon nasc aici le gníomhaíocht ghairmiúil ná le gníomhaíocht tráchtála. D'fhéadfaí a áireamh ar ghníomhaíochtaí pearsanta nó ar ghníomhaíochtaí tís comhfhreagras agus coinneáil seoltaí, nó líonrú sóisialta agus gníomhaíocht ar líne a dhéantar i gcomhthéacs gníomhaíochtaí den sórt sin. Tá feidhm ag an Rialachán seo, áfach, maidir le rialaitheoirí nó próiseálaithe a sholáthraíonn an modh chun sonraí pearsanta a phróiseáil le haghaidh gníomhaíochtaí pearsanta nó gníomhaíochtaí tís den sórt sin.

(19) Maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, tá an chosaint sin agus an tsaorghluaiseacht sin faoi réir gníomh dlí sonrach de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le gníomhaíochtaí próiseála a dhéantar chun na gcríoch sin. Mar sin féin, aon sonraí pearsanta a phróiseálann údaráis phoiblí faoin Rialachán seo, nuair a úsáidtear iad chun na gcríoch sin, ba cheart iad a rialú le gníomh dlí is sonraí de chuid an Aontais, eadhon Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7). Féadfaidh na Ballstáit cúraimí eile a thabhairt d'údaráis inniúla de réir bhrí Threoir (AE) 2016/680, ar cúraimí iad nach gá a chur i gcrích chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-airítear chun coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc, ionas go mbeidh na sonraí pearsanta a phróiseáiltear chun na gcríoch eile sin, sa mhéid go bhfuil sí faoi raon feidhme dhlí an Aontais, faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

I gcás na próiseála a dhéanann na húdaráis inniúla sin ar shonraí pearsanta chun críocha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann forálacha níos sonraí a choimeád nó a thabhairt isteach chun cur i bhfeidhm na rialacha a bhaineann leis an Rialachán seo a chur in oiriúint. Féadfar ceanglais níos cruinne agus níos sonraí a chinneadh le forálacha den sórt sin don phróiseáil a dhéanann na húdaráis inniúla sin ar shonraí pearsanta chun na gcríoch eile sin, agus struchtúr bunreachtúil, eagraíochtúil agus riaracháin an Bhallstáit faoi leith á chur san áireamh. I gcás ina dtagann an phróiseáil a dhéanann comhlachtaí príobháideacha ar shonraí pearsanta faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo go bhféadfaidh na Ballstáit, faoi choinníollacha sonracha, srian a chur, de réir dlí, le hoibleagáidí áirithe agus le cearta áirithe nuair is beart riachtanach, comhréireach é srian den sórt sin, i sochaí dhaonlathach, chun leasanna sonracha tábhachtacha, lena n-áirítear an tslándáil phoiblí, a choimirciú, agus chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc. Tá an méid sin ábhartha, cuir i gcás, i gcreat an chomhraic i gcoinne sciúradh airgid nó i gcomhthéacs gníomhaíochtaí saotharlann fóiréinseach.

(7) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghnoimhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (féach leathanach 89 den Iris Oifigiúil seo)

(20) Cé go bhfuil feidhm ag an Rialachán seo, inter alia, maidir le gníomhaíochtaí cúirteanna agus údarás breithiúnach eile, d'fhéadfaí, le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, na hoibríochtaí próiseála agus na nósanna imeachta próiseála a shonrú i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag cúirteanna agus ag údaráis bhreithiúnacha eile. Níor cheart, le hinniúlacht na n-údarás maoirseachta, an phróiseáil ar shonraí pearsanta a chumhdach nuair a bhíonn na cúirteanna ag gníomhú faoina gcumas breithiúnach féin, d'fhonn neamhspleáchas na mbreithiúna a choimirciú i gcomhlíonadh a gcúraimí breithiúnacha, lena n-áirítear le linn dóibh a gcuid cinntí a dhéanamh. Ba cheart é a bheith indéanta maoirseacht ar oibríochtaí próiseála sonraí den sórt sin a chur de chúram ar chomhlachtaí sonracha laistigh de chóras breithiúnach an Bhallstáit, córas lenar cheart, go háirithe, comhlíonadh rialacha an Rialacháin seo a áirithiú, feasacht chomhaltaí na mbreithiúnachta maidir lena n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a fheabhsú agus gearáin maidir le hoibríochtaí próiseála sonraí den sórt sin a láimhseáil.

(21) Is gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) an Rialachán seo, go háirithe maidir le rialacha dliteanais na soláthraithe seirbhíse idirmheánacha in Airteagal 12 go hAirteagal 15 den Treoir sin. Féachtar leis an Treoir sin cur le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí shaorghluaiseacht sheirbhísí na Sochaí Faisnéise a áirithiú idir Ballstáit.

(8) Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“an Treoir um thrádáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1). https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/AUTO/?uri=OJ:L:2000:178:TOC

Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
[js-disqus]