Navigation
GDPR > Aithris 21
Download PDF

Aithris 21

(21) Is gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) an Rialachán seo, go háirithe maidir le rialacha dliteanais na soláthraithe seirbhíse idirmheánacha in Airteagal 12 go hAirteagal 15 den Treoir sin.

Féachtar leis an Treoir sin cur le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí shaorghluaiseacht sheirbhísí na Sochaí Faisnéise a áirithiú idir Ballstáit.

(8) Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“an Treoir um thrádáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1). https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/AUTO/?uri=OJ:L:2000:178:TOC