Navigation
GDPR > Aithris 18
Download PDF

Aithris 18

(18) Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an bpróiseáil a dhéanann duine nádúrtha ar shonraí pearsanta le linn gníomhaíocht de chineál pearsanta nó de chineál tís amháin, is é sin próiseáil nach bhfuil aon nasc aici le gníomhaíocht ghairmiúil ná le gníomhaíocht tráchtála.

D’fhéadfaí a áireamh ar ghníomhaíochtaí pearsanta nó ar ghníomhaíochtaí tís comhfhreagras agus coinneáil seoltaí, nó líonrú sóisialta agus gníomhaíocht ar líne a dhéantar i gcomhthéacs gníomhaíochtaí den sórt sin.

Tá feidhm ag an Rialachán seo, áfach, maidir le rialaitheoirí nó próiseálaithe a sholáthraíonn an modh chun sonraí pearsanta a phróiseáil le haghaidh gníomhaíochtaí pearsanta nó gníomhaíochtaí tís den sórt sin.