Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 12. Faisnéis thrédhearcach, cumarsáid agus módúlachtaí i dtaca le feidhmiú chearta an ábhair sonraí
Íoslódáil PDF

Airteagal 12 RGCS (GDPR). Faisnéis thrédhearcach, cumarsáid agus módúlachtaí i dtaca le feidhmiú chearta an ábhair sonraí

1. Déanfaidh an rialaitheoir na bearta is iomchuí chun aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13 agus in Airteagal 14 agus aon chumarsáid faoi Airteagal 15 go hAirteagal 22 agus faoi Airteagal 34 a bhaineann le próiseáil na sonraí pearsanta, a sholáthar don ábhar sonraí i bhfoirm atá gonta, trédhearcach, intuigthe agus a bhfuil rochtain éasca uirthi, a mbaintear feidhm inti as teanga shoiléir agus as gnáthfhriotal, go háirithe maidir le haon fhaisnéis atá dírithe go sonrach ar leanbh. Is i scríbhinn a chuirfear an fhaisnéis ar fáil, nó trí mheán eile, lena n-áirithítear, i gcás inarb iomchuí i bhfoirm leictreonach. Nuair a iarrann an t-ábhar sonraí amhlaidh, féadfar an fhaisnéis a sholáthar ó bhéal, ar choinníoll gur deimhníodh céannacht an ábhair sonraí ar mhodh eile.

Dlí Treoirlínte & Cásanna Recitals

(58) Ceanglaítear le prionsabal na trédhearcachta gur cheart é a bheith éasca rochtain a fháil ar aon fhaisnéis atá dírithe ar an bpobal nó ar an ábhar sonraí, gur cheart don fhaisnéis sin a bheith gonta agus éasca a thuiscint agus gur cheart í a bheith i dteanga shoiléir shimplí agus, sa bhreis air sin, gur cheart úsáid a bhaint as léirshamhlú, i gcás inarb ábhartha. D'fhéadfaí faisnéis den sórt sin a chur ar fáil i bhfoirm leictreonach, mar shampla, agus í dírithe ar an bpobal, trí shuíomh gréasáin. Tá ábharthacht ar leith ag baint leis sin i staideanna ina bhfágann iomadú na ngníomhaithe agus castacht theicneolaíoch an chleachtais nach éasca don ábhar sonraí a bheith ar an eolas faoi cibé an bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi á mbailiú, faoi cé atá á mbailiú agus faoi cad chuige a bhfuil siad á mbailiú, agus nach éasca dó nó di an méid sin a thuiscint, amhail i gcás fógraíocht ar líne. Toisc go bhfuil cosaint ar leith dlite do leanaí, ba cheart aon fhaisnéis agus cumarsáid maidir le próiseáil a bhaineann le leanbh a thabhairt i dteanga shoiléir shimplí le go bhféadfaidh an leanbh í a thuiscint go héasca.

Téacsanna gaolmhara

2. Éascóidh an rialaitheoir feidhmiú chearta an ábhair sonraí faoi Airteagal 15 go hAirteagal 22. I gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 11(2), ní dhiúltóidh an rialaitheoir beart a dhéanamh ar iarraidh a fháil ón ábhar sonraí a chearta nó a cearta a fheidhmiú faoi Airteagal 15 go hAirteagal 22, ach amháin má thaispeánann an rialaitheoir nach bhfuil sé in ann an t-ábhar sonraí a shainaithint.

ISO 27701

(EN) ISO/IEC 27701, adopted in 2019, added additional ISO/IEC 27002 guidance for PII controllers.

Here is the relevant paragraph to article 12(2) GDPR:

7.3.1 Determining and fulfilling obligations to PII principals

Control

The organization should determine and document their legal, regulatory and business obligations to PII principals related to the processing of their PII and provide the means to meet these obligations.

(EN) […]


to read the full text

Dlí Treoirlínte & Cásanna Recitals

(59) Ba cheart módúlachtaí a chur ar fáil le go n-éascófar an t-ábhar sonraí a chearta nó a cearta a fheidhmiú faoin Rialachán seo, lena n-áirítear sásraí chun, go háirithe, rochtain a iarraidh agus, más infheidhme, a fháil, saor in aisce, ar shonraí, ar cheartú agus léirscriosadh sonraí pearsanta agus chun an ceart a fheidhmiú chun agóid a dhéanamh. Ba cheart don rialaitheoir modhanna a chur ar fáil freisin lena bhféadfar iarrataí a dhéanamh go leictreonach, go háirithe i gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil trí mhodhanna leictreonacha. Ba cheart é a bheith d'oibleagáid ar an rialaitheoir iarrataí ón ábhar sonraí a fhreagairt gan aon mhoill mhíchuí agus ar a dhéanaí laistigh de mhí amháin agus ba cheart é a bheith d'oibleagáid ar an rialaitheoir cúiseanna a thabhairt mura mbeidh sé i gceist aige nó aici aon iarraidh den sórt sin a chomhlíonadh.

(64) Ba cheart don rialaitheoir gach beart réasúnta a dhéanamh le go bhfíorófar céannacht ábhair sonraí atá ag iarraidh rochtain a fháil ar na sonraí sin, go háirithe i gcomhthéacs seirbhísí ar líne agus aitheantóirí ar líne. Níor cheart do rialaitheoir sonraí pearsanta a choinneáil díreach ar mhaithe le freagairt d'iarrataí a d'fhéadfadh sé a fháil.

Téacsanna gaolmhara

3. Soláthróidh an rialaitheoir faisnéis maidir leis an ngníomhaíocht a rinneadh i dtaca le hiarraidh faoi Airteagal 15 go hAirteagal 22 don ábhar sonraí agus déanfaidh sé sin gan mhoill mhíchuí agus in aon chás laistigh d’aon mhí amháin tar éis an iarraidh a fháil. Féadfar an tréimhse sin a shíneadh dhá mhí eile ar a mhéid nuair is gá, agus castacht agus líon na n-iarrataí á gcur san áireamh. Cuirfidh an rialaitheoir an ábhair sonraí ar an eolas faoi aon síneadh den sórt sin mar aon leis na cúiseanna a bhí leis an moill laistigh de mhí amháin tar éis an iarraidh a fháil. I gcás ina ndéanann an t-ábhar sonraí an iarraidh i bhfoirm leictreonach, cuirfear an fhaisnéis ar fáil i bhfoirm leictreonach, i gcás inarb indéanta sin, mura rud é go n-iarrann an t-ábhar sonraí a mhalairt.

Téacsanna gaolmhara

4. Mura ndéanann an rialaitheoir aon ghníomhaíocht arna hiarraidh sin don ábhar sonraí, cuirfidh an rialaitheoir an t-ábhar sonraí ar an eolas gan mhoill agus ar a dhéanaí laistigh d’aon mhí amháin ón iarraidh a fháil, faoi na cúiseanna nach ndearnadh aon gníomhaíocht agus cuirfidh sé ar an eolas é faoin bhféidearthacht gearán a thaisceadh le údarás maoirseachta agus leigheas breithiúnach a lorg.

5. Cuirfear faisnéis a sholáthraítear faoi Airteagal 13 agus Airteagal 14 ar fáil saor in aisce mar aon le haon chumarsáid agus aon ghníomh a dhéanfar faoi Airteagal 15 go hAirteagal 22 agus faoi Airteagal 34. I gcás inar léir go follasach go bhfuil iarrataí ón ábhar sonraí gan bhunús nó iomarcach, go háirithe toisc go bhfuil siad athráiteach, féadfaidh an rialaitheoir ceann acu seo a leanas a dhéanamh:

Téacsanna gaolmhara

(a) táille réasúnach a ghearradh chun na costais a bhaineann leis an bhfaisnéis a chur ar fáil nó as gníomhaíocht a dhéanamh mar a iarradh a chur san áireamh; nó

(b) diúltóidh sé gníomhú ar an iarratas.

Is faoin rialaitheoir a bheidh sé a thaispeáint go bhfuil an iarraidh go follasach gan bhunús nó go bhfuil sí iomarcach.

6. Gan dochar d’Airteagal 11, i gcás ina bhfuil an rialaitheoir réasúnta amhrasach maidir le céannacht an duine nádúrtha a dhéanann an iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 15 go dtí Airteagal 21, féadfaidh an rialaitheoir a iarraidh go soláthrófaí tuilleadh faisnéise, ar gá í chun go ndeimhneofaí céannacht an ábhair sonraí.

Téacsanna gaolmhara

7. An fhaisnéis a chuirfear ar fáil do na hábhair sonraí de bhun Airteagal 13 agus Airteagal 14, féadfar í a sholáthar in éineacht le deilbhíní caighdeánaithe chun forléargas suntasach ar an bpróiseáil atá beartaithe a thabhairt ar bhealach atá sofheicthe, intuisceana agus inléite go soiléir. I gcás ina ndéantar na deilbhíní a chur i láthair go leictreonach, beidh siad inléite ag meaisín.

Téacsanna gaolmhara

8. Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 92 chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an bhfaisnéis a bheidh le tíolacadh ag na deilbhíní agus na nósanna imeachta i ndáil le soláthar deilbhíní caighdeánaithe.

Tráchtaireacht ISO 27701 Recitals Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
Tráchtaireacht
(EN) Author
Louis-Philippe Gratton
(EN) Louis-Philippe Gratton PhD, LLM
(EN) Privacy Expert
ISO 27701

(EN) ISO/IEC 27701, adopted in 2019, added additional ISO/IEC 27002 guidance for PII controllers.

Here is the relevant paragraphs to article 12 GDPR:

7.3.3 Providing information to PII principals

Control

The organization should provide PII principals with clear and easily accessible information identifying the PII controller and describing the processing of their PII.

Implementation guidance

The organization should provide the information detailed in 7.3.2 to PII principals in a timely, concise, complete, transparent, intelligible and easily accessible form, using clear and plain language, as appropriate to the target audience.

(EN) […]


to read the full text

Recitals

(58) Ceanglaítear le prionsabal na trédhearcachta gur cheart é a bheith éasca rochtain a fháil ar aon fhaisnéis atá dírithe ar an bpobal nó ar an ábhar sonraí, gur cheart don fhaisnéis sin a bheith gonta agus éasca a thuiscint agus gur cheart í a bheith i dteanga shoiléir shimplí agus, sa bhreis air sin, gur cheart úsáid a bhaint as léirshamhlú, i gcás inarb ábhartha. D'fhéadfaí faisnéis den sórt sin a chur ar fáil i bhfoirm leictreonach, mar shampla, agus í dírithe ar an bpobal, trí shuíomh gréasáin. Tá ábharthacht ar leith ag baint leis sin i staideanna ina bhfágann iomadú na ngníomhaithe agus castacht theicneolaíoch an chleachtais nach éasca don ábhar sonraí a bheith ar an eolas faoi cibé an bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi á mbailiú, faoi cé atá á mbailiú agus faoi cad chuige a bhfuil siad á mbailiú, agus nach éasca dó nó di an méid sin a thuiscint, amhail i gcás fógraíocht ar líne. Toisc go bhfuil cosaint ar leith dlite do leanaí, ba cheart aon fhaisnéis agus cumarsáid maidir le próiseáil a bhaineann le leanbh a thabhairt i dteanga shoiléir shimplí le go bhféadfaidh an leanbh í a thuiscint go héasca.

(59) Ba cheart módúlachtaí a chur ar fáil le go n-éascófar an t-ábhar sonraí a chearta nó a cearta a fheidhmiú faoin Rialachán seo, lena n-áirítear sásraí chun, go háirithe, rochtain a iarraidh agus, más infheidhme, a fháil, saor in aisce, ar shonraí, ar cheartú agus léirscriosadh sonraí pearsanta agus chun an ceart a fheidhmiú chun agóid a dhéanamh. Ba cheart don rialaitheoir modhanna a chur ar fáil freisin lena bhféadfar iarrataí a dhéanamh go leictreonach, go háirithe i gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil trí mhodhanna leictreonacha. Ba cheart é a bheith d'oibleagáid ar an rialaitheoir iarrataí ón ábhar sonraí a fhreagairt gan aon mhoill mhíchuí agus ar a dhéanaí laistigh de mhí amháin agus ba cheart é a bheith d'oibleagáid ar an rialaitheoir cúiseanna a thabhairt mura mbeidh sé i gceist aige nó aici aon iarraidh den sórt sin a chomhlíonadh.

(64) Ba cheart don rialaitheoir gach beart réasúnta a dhéanamh le go bhfíorófar céannacht ábhair sonraí atá ag iarraidh rochtain a fháil ar na sonraí sin, go háirithe i gcomhthéacs seirbhísí ar líne agus aitheantóirí ar líne. Níor cheart do rialaitheoir sonraí pearsanta a choinneáil díreach ar mhaithe le freagairt d'iarrataí a d'fhéadfadh sé a fháil.

Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
[js-disqus]