Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 57
Íoslódáil PDF

Aithris 57

(57) Mura féidir leis an rialaitheoir duine nádúrtha a shainaithint ó na sonraí pearsanta a phróiseáil an rialaitheoir sin, níor cheart é a bheith d’oibleagáid ar an rialaitheoir sonraí faisnéis bhreise a fháil chun an t-ábhar sonraí a shainaithint chun críche foráil de chuid an Rialacháin seo a chomhlíonadh agus chun na críche sin amháin.

Mar sin féin, níor cheart don rialaitheoir diúltú faisnéis bhreise a chuireann an t-ábhar sonraí ar fáil a ghlacadh d’fhonn tacú le feidhmiú a cheart nó a ceart.

Ba cheart a áireamh sa tsainaithint dhigiteach ábhar sonraí, mar shampla trí shásra fíordheimhnithe amhail an fhaisnéis chéanna aitheantais a úsáideann an t-ábhar sonraí le logáil isteach ar an tseirbhís ar líne atá á tairiscint ag an rialaitheoir sonraí.