Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 26
Íoslódáil PDF

Aithris 26

(26) Ba cheart feidhm a bheith ag prionsabail na cosanta sonraí maidir le haon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta.

Sonraí pearsanta ar cuireadh ainm bréige i bhfeidhm orthu agus a d’fhéadfaí a chur i leith duine nádúrtha trí fhaisnéis bhreise a úsáid, ba cheart a mheas gur faisnéis faoi dhuine nádúrtha in-sainaitheanta na sonraí sin.

Chun a chinneadh an bhfuil duine nádúrtha in-sainaitheanta nó nach bhfuil, ba cheart aird a thabhairt ar na modhanna go léir, amhail díriú ar leith, is dócha, le réasún, a úsáidfidh an rialaitheoir nó duine eile chun an duine nádúrtha a shainaithint go díreach nó go hindíreach.

Lena fháil amach an bhfuil sé réasúnta dóchúil go mbainfear úsáid as bealaí chun an duine nádúrtha a shainaithint, ba cheart aird a thabhairt ar fhachtóirí oibiachtúla uile, amhail na costais a ghearrfar agus an t-achar ama is gá le haghaidh sainaitheanta, agus an teicneolaíocht a bheidh ar fáil tráth na próiseála agus forbairtí teicneolaíocha á gcur san áireamh.

Níor cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag prionsabail na cosanta sonraí maidir le faisnéis anaithnid, eadhon faisnéis nach mbaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta nó le sonraí persanta atá anaithnid ar bhealach agus nach bhfuil an t-ábhar sonraí in-sainaitheanta nó nach bhfuil an duine sin in-sainaitheanta a thuilleadh.

Dá bhrí sin, ní bhaineann an Rialachán seo leis an bpróiseáil a dhéantar ar fhaisnéis anaithnid den sórt sin, lena n-áirítear chun críoch staidrimh agus taighde.

Tráchtaireacht Airteagail gaolmhara Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
Tráchtaireacht

(EN) Anonymisation should not be confused with depersonalization in the meaning adopted in the Russian Federation. In accordance with Article 3 of the Federal Personal Data Act No. 152-FZ of 27 July 2006 (in the wording of 31 January 2017) «depersonalization of personal data» means actions as a result of which it becomes impossible to determine the belonging of personal data to a specific subject of personal data without using an additional information. Under the GDPR the term «anonymisation» means…

(EN) […]


to read the full text

(EN) Author
Siarhei Varankevich
(EN) Siarhei Varankevich CIPP/E, CIPM, CIPT, MBA, FIP
FIP_IAPP
(EN) Co-Founder & CEO of Data Privacy Office LLC. Data Protection Trainer and Principal Consultant
Airteagail gaolmhara Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
[js-disqus]