Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 91. Rialacha cosanta sonraí atá ag eaglaisí agus comhlachais reiligiúnacha cheana
Íoslódáil PDF

Airteagal 91 RGCS (GDPR). Rialacha cosanta sonraí atá ag eaglaisí agus comhlachais reiligiúnacha cheana

1. I gcás ina gcuireann eaglaisí agus comhlachais nó pobail reiligiúnacha rialacha cuimsitheacha i bhfeidhm i mBallstát, tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar rialacha iad a bhaineann le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil, féadfaidh na rialacha sin leanúint d’fheidhm a bheith acu, ar choinníoll go ndéanfar iad a thabhairt i gcomhréir leis an Rialacháin seo.

2. Maidir le heaglaisí agus comhlachais reiligiúnacha a chuireann rialacha cuimsitheacha i bhfeidhm i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, beidh siad faoi réir maoirseacht ag údarás maoirseachta neamhspleách a fhéadfadh a bheith sonrach, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil VI den Rialachán seo.

Recitals Leave a comment
Recitals

(165) Urramaítear leis an Rialachán seo stádas eaglaisí agus stádas comhlachas nó pobal reiligiúnach sna Ballstáit faoin dlí bunreachtúil atá ann cheana agus ní dhéanann sé aon dochar do na stádais sin, mar a aithnítear in Airteagal 17 CFAE.

Leave a comment
[js-disqus]