Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 90. Oibleagáidí rúndachta
Íoslódáil PDF

Airteagal 90 RGCS (GDPR). Oibleagáidí rúndachta

1. Féadfaidh na Ballstáit rialacha sonracha a ghlacadh chun cumhachtaí na n-údarás maoirseachta a leagtar síos i bpointe (e) agus i bpointe (f) d’Airteagal 58(1) a leagan amach i ndáil le rialaitheoirí nó próiseálaithe atá faoi réir oibleagáid rúndachta gairmiúla nó oibleagáidí rúndachta coibhéiseacha eile, faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit nó faoi rialacha a bhunaigh comhlachtaí náisiúnta inniúla, i gcás gur gá sin agus gur comhréireach é chun réiteach a dhéanamh idir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an oibleagáid rúndachta. Ní bheidh feidhm ag na rialacha sin ach maidir le sonraí pearsanta a fhaigheann an rialaitheoir nó an próiseálaí ó ghníomhaíocht atá cumhdaithe leis an oibleagáid rúndachta sin.

Téacsanna gaolmhara

2. Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi na rialacha arna nglacadh de bhun mhír 1, faoin 25 Bealtaine 2018 ar a dhéanaí, agus tabharfaidh sé fógra freisin gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear do na forálacha sin.

Recitals Leave a comment
Recitals

(164) Maidir le cumhachtaí na n-údarás maoirseachta rochtain a fháil ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí ar shonraí pearsanta agus ar a n-áitreabh, féadfaidh na Ballstáit rialacha sonracha a ghlacadh de réir dlí, faoi chuimsiú theorainneacha an Rialacháin seo, chun na hoibleagáidí rúndachta gairmiúla nó oibleagáidí coibhéiseacha rúndachta eile a choimirciú, a mhéid is gá sin chun réiteach a dhéanamh idir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus oibleagáid rúndachta gairmiúla. Tá an méid sin gan dochar do na hoibleagáidí atá ann cheana ar na Ballstáit rialacha maidir le rúndacht ghairmiúil a ghlacadh i gcás ina gceanglaítear a leithéid le dlí an Aontais.

Leave a comment
[js-disqus]