Навигация
Скачать в PDF

Aithris 164

(164) Maidir le cumhachtaí na n-údarás maoirseachta rochtain a fháil ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí ar shonraí pearsanta agus ar a n-áitreabh, féadfaidh na Ballstáit rialacha sonracha a ghlacadh de réir dlí, faoi chuimsiú theorainneacha an Rialacháin seo, chun na hoibleagáidí rúndachta gairmiúla nó oibleagáidí coibhéiseacha rúndachta eile a choimirciú, a mhéid is gá sin chun réiteach a dhéanamh idir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus oibleagáid rúndachta gairmiúla.

Tá an méid sin gan dochar do na hoibleagáidí atá ann cheana ar na Ballstáit rialacha maidir le rúndacht ghairmiúil a ghlacadh i gcás ina gceanglaítear a leithéid le dlí an Aontais.