Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 82. An ceart chun cúiteamh a fháil agus dliteanas
Íoslódáil PDF

Airteagal 82 RGCS (GDPR). An ceart chun cúiteamh a fháil agus dliteanas

1. Aon duine a mbaineann damáiste ábhartha nó neamhábhartha dó mar thoradh ar shárú an Rialacháin seo, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ón rialaitheoir nó ón bpróiseálaí as an damáiste a bhain dó.

2. Aon rialaitheoir a bhfuil baint aige le próiseáil, beidh sé faoi dhliteanas i leith an damáiste a eascraíonn ó phróiseáil a sháraíonn an Rialachán seo. Ní bheidh próiseálaí faoi dhliteanas i leith an damáiste a rinneadh de bharr próiseála ach amháin i gcás nár chomhlíon sé oibleagáidí an Rialacháin seo atá dírithe go sonrach ar phróiseálaithe, nó i gcás inar ghníomhaigh sé lasmuigh de threoracha dleathacha an rialaitheora nó contrártha leo.

3. Beidh rialaitheoir nó próiseálaí díolmhaithe ó dhliteanas faoi mhír 2 má chruthaíonn sé nach bhfuil sé ar dhóigh ar bith freagrach as an imeacht ba shiocair leis an damáiste.

4. I gcás ina bhfuil baint ag níos mó ná rialaitheoir nó próiseálaí amháin, nó ag rialaitheoir agus próiseálaí araon, leis an bpróiseáil chéanna agus i gcás ina bhfuil siad freagrach, faoi mhír 2 agus faoi mhír 3, as aon damáiste a raibh an phróiseáil ina chúis leis, beidh gach rialtheoir nó próisealaí faoi dhliteanas i leith iomlán an damáiste, ionas go n-áiritheofar go dtabharfar cúiteamh éifeachtach don ábhar sonraí.

5. I gcás inar íoc rialaitheoir nó próiseálaí, i gcomhréir le mír 4, cúiteamh iomlán as an damáiste a rinneadh, beidh an rialaitheoir nó an próiseálaí sin i dteideal an chuid sin den chúiteamh a chomhfhreagraíonn dá chuid freagrachta i leith an damáiste i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i mír 2, a éileamh ar ais ó na rialaitheoirí nó na próiseálaithe eile a raibh baint acu leis an bpróiseáil chéanna.

6. Déanfar imeachtaí cúirte i ndáil le feidhmiú an chirt chun cúiteamh a fháil, a thionscnamh os comhair na gcúirteanna atá inniúil faoi dhlí an Bhallstáit dá dtagraítear in Airteagal 79(2).

Téacsanna gaolmhara
Recitals Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
Recitals

(146) Ba cheart don rialaitheoir nó don phróiseálaí aon damáiste a d'fhéadfadh duine a fhulaingt de bharr próiseáil a sháraíonn an Rialachán seo a chúiteamh. Ba cheart an rialaitheoir nó an próiseálaí a dhíolmhú ón dliteanas má chruthaíonn sé nach bhfuil sé freagrach ar shlí ar bith as an damáiste. Ba cheart coincheap an damáiste a léiriú go leathan i bhfianaise chásdlí na Cúirte Breithiúnais ar shlí ina léireofaí go hiomlán cuspóirí an Rialacháin seo. Tá sé sin gan dochar d'éilimh maidir le damáiste a thagann as sárú na rialacha eile atá ann i ndlí an Aontais nó i ndlí Ballstáit. Áirítear freisin ar phróiseáil a sháraíonn an Rialachán seo próiseáil a sháraíonn na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le dlí Ballstáit lena sonraítear rialacha an Rialacháin seo. Ba cheart do na hábhair sonraí cúiteamh iomlán agus éifeachtach a fháil as an damáiste a d'fhulaing siad. I gcás ina bhfuil rialaitheoirí nó próiseálaithe páirteach sa phróiseáil céanna, ba cheart gach rialaitheoir nó gach próiseálaí a chur faoi dhliteanas i leith iomlán an damáiste. Mar sin féin, i gcás ina bhfuil siad uamtha leis na himeachtaí breithiúnacha céanna, i gcomhréir le dlí Ballstáit, féadfar cúiteamh a chionroinnt de réir fhreagracht gach rialaitheora nó fhreagracht gach próiseálaí maidir leis an damáiste a rinneadh mar thoradh ar an bpróiseáil, ar choinníoll go n-áirithítear cúiteamh iomlán agus éifeachtach don ábhar sonraí a d'fhulaing an damáiste. Féadfaidh aon rialaitheoir nó próiseálaí a d'íoc cúiteamh iomlán imeachtaí iontaofa a thionscnamh ina dhiaidh sin i gcoinne rialaitheoirí nó próiseálaithe eile atá páirteach sa phróiseáil chéanna.

(147) Nuair atá rialacha sonracha maidir le dlínse sa Rialachán seo, go háirithe maidir le himeachtaí lena lorgaítear leigheas breithiúnach, lena n-áirítear cúiteamh, i gcoinne rialaitheora nó próiseálaí, níor cheart, le rialacha maidir le dlínse ghinearálta amhail na cinn sin atá i Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), dochar a dhéanamh do chur i bhfeidhm rialacha sonracha den sórt sin.

(13) Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch 1). https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/AUTO/?uri=OJ:L:2012:351:TOC

Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
[js-disqus]