Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 77. An ceart chun gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta
Íoslódáil PDF

Airteagal 77 RGCS (GDPR). An ceart chun gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta

1. Gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó breithiúnach eile, beidh sé de cheart ag gach ábhar sonraí gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta, go háirithe sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi, ina (h)áit oibre nó áit an tsáraithe a líomhnaítear, má mheasann an t-ábhar sonraí go sáraíonn an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi an Rialachán seo.

2. Cuirfidh an t-údarás maoirseachta ar taisceadh an gearán leis an gearánach ar an eolas maidir le dul chun cinn agus toradh an ghearáin, lena n-áirítear an fhéidearthacht leigheas breithiúnach a fháil de bhun Airteagal 78.

Téacsanna gaolmhara
Recitals Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
Recitals

(141) Ba cheart an ceart a bheith ag gach ábhar sonraí gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta aonair, go háirithe sa Bhallstát sin ina bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi, agus ba cheart an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil a bheith aige nó aici i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt má mheasann an t-ábhar sonraí go bhfuil a chearta nó a cearta faoin Rialachán seo á sárú nó mura ngníomhaíonn an t-údarás maoirseachta i leith gearáin, má dhiúltaíonn sé do ghearán go páirteach nó go hiomlán nó má dhíbheann sé go páirteach nó go hiomlán é nó mura ngníomhaíonn sé i gcás inar gá dul i mbun gníomhaíocht den sórt sin chun cearta an ábhair sonraí a chosaint. Ba cheart an t-imscrúdú i ndiaidh gearáin a dhéanamh, faoi réir athbhreithniú breithiúnach, a mhéid is iomchuí sa chás sonrach sin. Ba cheart don údarás maoirseachta an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas faoin dul chun cinn a dhéantar maidir leis an ngearán agus faoi thoradh an ghearáin laistigh de thréimhse réasúnta. Más gá tuilleadh imscrúdaithe nó tuilleadh comhordaithe a dhéanamh le húdarás maoirseachta eile, ba cheart faisnéis a thabhairt don ábhar sonraí idir an dá linn. Chun tíolacadh gearán a éascú, ba cheart do gach údarás maoirseachta bearta a ghlacadh amhail foirm le gearán a dhéanamh a chur ar fáil a fhéadfar a líonadh isteach go leictreonach freisin, gan modhanna eile cumarsáide a eisiamh.

Dlí Treoirlínte & Cásanna Leave a comment
[js-disqus]